Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Do cuireadh ar aghaidh a chéile ag Luimneach
Dia Domhnaigh seo chuaidh tharainn laochra
Chorcaighe is Chiarraighe. Do bheadh cluichí báire
is peile ann, acht níor tháinig iománaidhthe
Chiarraighe agus fuair Corcaigh buaidh i
n-aiscidh sa bháire. Maidir leis an bpeil, bhí
an dá thaobh aca ar fheabhas is ag tnúth le buadh
dh'fhágháil. Bhí buaidhte fé thrí cheana féin ag
foirnibh ó Chiarraighe ar mhuinntir Chraobh na
Laoi agus, nídh nach iongnadh, cheapadar go
ndéanfaidhe an rud céadna Dia Domhnaigh.
Acht tá athrughadh ar mhuinntir na Laoi le
déidheannaighe. Tá steall d'fhuil nua leigithe
isteach 'n-a measc agus is dócha go gcloisfear
uatha arís. Sidé scór an Domhnaigh —
Corcaigh 1-9; Ciarraighe 0-9.



Airighim go bhfearfar árd-chluiche peile i
gCorcaigh Dia Domhnaigh seo chughainn idir
sheana-ghaiscidhigh Chiarraighe is Chill Dara. Do
b'fhiú an cluiche sin dul ag féachaint air. Tá
a n-aigne socair ag gach taobh aca an ceann
smách d'fhágáil ar an dtaobh eile nó cur suas
de'n pheil go deo arís. Ó's mar sin atá agus
gur deacair a rádh ciaca an fhuireann is fearr,
ní baoghal 'ná go bhfeicfear gníomhartha gaisce
dá ndéanamh i gCorcaigh Dia Domhnaigh.



Do chuir an doineann stad le gach a raibh le
himirt i mBaile Átha Cliath Dia Domhnaigh seo
ghaibh torainn. Tá an mí-rath ag leanamhaint
do Chumainn an Bháire is na Peile le déidhean-
naighe, acht tá súil agam go dtiocfaidh as agus
go nglanfaidh an spéir dóibh.



Do fearadh dian-chluiche idir garsúin Árd-
Scoil Chluain Meala agus Mhainistir Tiobrad
Árann Dia Sathairn. B'é seo an imirt deiridh
i gcomhair chraobh na scol. Do buaidh Tiobraid
Árann, ámh, de phuinnte amháin agus fágann
soin ar aon mharc iad araon. Caithfear é
imirt arís.



Bhí an t-ádh ar na Céitinnigh i nInis Chórthaidh
Dia Domhnaigh. Dheineadar togha cluiche d'imirt
le Rábairibh Inis Córthaidh os comhair sluaigh
líonmhair, agus ar shon go rabhadar an aimsir
agus an láthair go dona, bhí an cluiche ar
fheabhas agus bhí gach éinne sásta. An tAthair
Ó Conchobhair a bhí n-a maor ortha. Sidé an
scór —
Céitinnigh 4-4; Rábairí 1-5.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services