Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Is maith liom go bhfuiltear chun fuireann le cleasaibh lúith a chur go dtí an Róimh an foghmhar so chughainn. Beidh ana-thabhairt amach ann ar fhéile na bliadhna 'n-ar oirdneadh 'n-a shagart an Phápa. Ó tá ceapaithe ag Comhaltas Chumann na gCleas fuireann a chur go dtí an Róimh, níor mhiste dhóibh féachaint chuige gur fuireann gan cháim a raghaidh ann. Cuirimís uainn an dream is fearr is féidir linn agus ná deineadh aon duine tarraint siar. 'N-a leithéid seo cás ní cabhair dúinn a chur ó Éirinn acht na daoine is fearr dá bhfuil againn. Iad súd nó leigean do'n ghnó. Rud eile, badh ró-mhaith linn Gaedheal maith míleadhta, Domhnall Ó Fearchair cuir i gcás, do dhul 'n-a bhfochair; duine go mbeadh an Ghaedhilg aige agus a chuirfidh i n-umhail gur ó Éirinn iad. Is sia a raghadh soin 'ná “Éire go Bráth” a ghreasadh trí ór ar bhrataigh uaithne agus Béarla á labhairt ag Éireannaigh. Do fearadh trí chinn de chluichibh peile ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Ar feadh na maidne bhí sé ag báistigh 'n-a sheodh agus do choinghibh sin a lán daoine ó'n áit. Do stad an fhearthainn timcheall a haon déag agus siúd is go raibh an láthair buille fliuch níor éirigh aon bhárthain d'éinne dá bharr. Cluiche idir íoch- taránaigh a b'eadh an chéad chluiche, agus ó deineadh imirt ann gur ró-annamh a chítear a leithéid i measg sinnsear féin sa pheil. D'fhan an buadh ag an bhfuirinn ó Charn an gCloch, de bhrígh gurb' iad a b'fhearr chun oibriughadh as a chéile. Thárla bobhta maith troda idir na Céitinnigh agus na Ciceamaigh. Do'n chéad iarracht d'oibrigh na Céitinnigh go cráisteamhail agus agá deireadh bhí dhá phuinnte sa bhreis aca. I dtosach barra bhí fear i n-easnamh ortha agus nuair a bhuail Séamus Ó Bréandáin amach chughtha fuair sé ovation. Tá Séamus fé gheasaibh gan báire imirt go ceann dhá bhliadhain acht nuair a bhreith sé an t-easnamh ar a mhuinntir níor fhéad sé fanamhaint istigh. Is maith liom nár éirigh aon tionóisg dó.
Cluiche idir na Párnailligh is na hEmeitigh ó Bhrígh Cualann an trímhadh cluiche. Bhí rith an ráis ag na Párnailligh i gcaitheamh na haimsire go léir. Sid é táille na dtrí gcluichí: Carn na gCloch 1-8; Artáin 2-3. Ciceamaigh 0-9; Ceitinnigh 0-7. Párnailligh 1-7; Emeitigh 0-4. Do chuir doineann an Domhnaigh stad ar na cluichí báire a bhí le himirt i mBaile Átha Cliath. Do cuireadh siar iad go ceann seachtmhaine. Déanfad tagairt dóibh an tseachtmhain seo chughainn. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services