Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Is maith liom go bhfuiltear chun fuireann le
cleasaibh lúith a chur go dtí an Róimh an
foghmhar so chughainn. Beidh ana-thabhairt amach
ann ar fhéile na bliadhna 'n-ar oirdneadh 'n-a
shagart an Phápa. Ó tá ceapaithe ag Comhaltas
Chumann na gCleas fuireann a chur go dtí an
Róimh, níor mhiste dhóibh féachaint chuige gur
fuireann gan cháim a raghaidh ann. Cuirimís
uainn an dream is fearr is féidir linn agus
ná deineadh aon duine tarraint siar. 'N-a
leithéid seo cás ní cabhair dúinn a chur ó Éirinn
acht na daoine is fearr dá bhfuil againn.
Iad súd nó leigean do'n ghnó. Rud eile, badh
ró-mhaith linn Gaedheal maith míleadhta, Domhnall
Ó Fearchair cuir i gcás, do dhul 'n-a bhfochair;
duine go mbeadh an Ghaedhilg aige agus a
chuirfidh i n-umhail gur ó Éirinn iad. Is sia a
raghadh soin 'ná “Éire go Bráth” a ghreasadh
trí ór ar bhrataigh uaithne agus Béarla á
labhairt ag Éireannaigh.



Do fearadh trí chinn de chluichibh peile ag
Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Ar feadh na
maidne bhí sé ag báistigh 'n-a sheodh agus do
choinghibh sin a lán daoine ó'n áit. Do stad an
fhearthainn timcheall a haon déag agus siúd
is go raibh an láthair buille fliuch níor éirigh aon
bhárthain d'éinne dá bharr. Cluiche idir íoch-
taránaigh a b'eadh an chéad chluiche, agus ó
deineadh imirt ann gur ró-annamh a chítear
a leithéid i measg sinnsear féin sa pheil. D'fhan
an buadh ag an bhfuirinn ó Charn an gCloch, de
bhrígh gurb' iad a b'fhearr chun oibriughadh as a
chéile. Thárla bobhta maith troda idir na
Céitinnigh agus na Ciceamaigh. Do'n chéad
iarracht d'oibrigh na Céitinnigh go cráisteamhail
agus agá deireadh bhí dhá phuinnte sa bhreis aca.
I dtosach barra bhí fear i n-easnamh ortha agus
nuair a bhuail Séamus Ó Bréandáin amach
chughtha fuair sé ovation. Tá Séamus fé
gheasaibh gan báire imirt go ceann dhá bhliadhain
acht nuair a bhreith sé an t-easnamh ar a
mhuinntir níor fhéad sé fanamhaint istigh. Is
maith liom nár éirigh aon tionóisg dó.


L. 7


Cluiche idir na Párnailligh is na hEmeitigh ó
Bhrígh Cualann an trímhadh cluiche. Bhí rith an
ráis ag na Párnailligh i gcaitheamh na haimsire
go léir. Sid é táille na dtrí gcluichí:
Carn na gCloch 1-8; Artáin 2-3.
Ciceamaigh 0-9; Ceitinnigh 0-7.
Párnailligh 1-7; Emeitigh 0-4.



Do chuir doineann an Domhnaigh stad ar na
cluichí báire a bhí le himirt i mBaile Átha Cliath.
Do cuireadh siar iad go ceann seachtmhaine.
Déanfad tagairt dóibh an tseachtmhain seo
chughainn.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services