Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth na mBárd - Eilís Ní Neachtain
Title
Guth na mBárd - Eilís Ní Neachtain
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
M. Ó D.
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth na mBárd. Eilís Ní Neachtain. I. 'Eilís Ní Neachtain, a stáid-bhean mhaiseach, Ba tú 'b'fhearr leaca 's méin mhaith, Gur chum an tAthair gan gruaim thú ná easbhaidh Agus gach ball dhíot ag teacht 'un a chéile. An dá fholt ghlana ag fás go talamh, Agus a mbarra ag casadh go craor-bhuidhe, 'N-ar ghártha an fasgadh is an lá ag cur sneachta, Ar a sgáth dá seasfadh an t-aonach. II. A Eilís, nach buadhartha an tráth, A d'fhágaidh tú do mháithrín dílis, Gan suan le fágháil aon oidhch' nó lá, Acht i mbuaidhreamh ag mnáibh do chinnte, An fhaoileann bán de'n fíor-fhuil bhreágh, A shiolruigh ó nádúir an fhíona, 'Sé mo léan 's mo chrádh, mar is tú a bhí i ndán, Do'n fhear nach raibh binn aige ar aon mhnaoi! III. I gCaisleán na Finne nó i nInis ar chois Dúin (?) Tá an ainnir a bheir buaidh thar táintibh Go bhfuil fighe na finne de ghile i n-a gruaidh, — Bruinneal gan stuaim í an stáid-bhean, Tá píob mar an sneachta — gan codladh ar an dún — Agus a leaca mar rós i ngáirdín, A malaidh caol donn mar sgríobhfá le peann, 'S gur ó fhíor-sgoith ómra a d'fhás sí. IV. Tá ceathrar 's céad ag seinnm ar théad' I dteach Neachtain Uí Néill sa bpárlús, Agus ceileabhar na n-éan ar bharraibh na gcraobh Ag méadughadh ceoil agus dánta. Tá an fiadh bán 's an gadhar donn Ag seilg fó ghleanntaíbh fásaigh. Níl iasg ar linn nár thóg a cheann, An tráth ag ghluais sí linnne — an stáid-bhean. Sgríobhas an t-amhrán so ó Pheadar Breathnach, Gort an Tuair. Tá dó nó trí ceathramhna eile de caillte. Cumadh an t-amhrán so fá mhnaoi uasail óig darbh' ainm Eilís Ní Neachtain. Phós sí Gall darbh' ainm Pámar. Fá cheann trí bliadhna i ndiaidh a phósta, thréig sé í. Fuair sé dháréag dá chuid tionóntaí a mhionnuigh i n-a h-aghaidh. M. Ó D.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services