Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Eilís Ní Neachtain

Title
Guth na mBárd - Eilís Ní Neachtain
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
M. Ó D.
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



Eilís Ní Neachtain.



I.



'Eilís Ní Neachtain, a stáid-bhean mhaiseach,
Ba tú 'b'fhearr leaca 's méin mhaith,
Gur chum an tAthair gan gruaim thú ná easbhaidh
Agus gach ball dhíot ag teacht 'un a chéile.
An dá fholt ghlana ag fás go talamh,
Agus a mbarra ag casadh go craor-bhuidhe,
'N-ar ghártha an fasgadh is an lá ag cur sneachta,
Ar a sgáth dá seasfadh an t-aonach.



II.



A Eilís, nach buadhartha an tráth,
A d'fhágaidh tú do mháithrín dílis,
Gan suan le fágháil aon oidhch' nó lá,
Acht i mbuaidhreamh ag mnáibh do chinnte,
An fhaoileann bán de'n fíor-fhuil bhreágh,
A shiolruigh ó nádúir an fhíona,
'Sé mo léan 's mo chrádh, mar is tú a bhí i ndán,
Do'n fhear nach raibh binn aige ar aon mhnaoi!



III.



I gCaisleán na Finne nó i nInis ar chois Dúin (?)
Tá an ainnir a bheir buaidh thar táintibh
Go bhfuil fighe na finne de ghile i n-a gruaidh, —
Bruinneal gan stuaim í an stáid-bhean,
Tá píob mar an sneachta — gan codladh ar
an dún —
Agus a leaca mar rós i ngáirdín,
A malaidh caol donn mar sgríobhfá le peann,
'S gur ó fhíor-sgoith ómra a d'fhás sí.



IV.



Tá ceathrar 's céad ag seinnm ar théad'
I dteach Neachtain Uí Néill sa bpárlús,
Agus ceileabhar na n-éan ar bharraibh na gcraobh
Ag méadughadh ceoil agus dánta.
Tá an fiadh bán 's an gadhar donn
Ag seilg fó ghleanntaíbh fásaigh.
Níl iasg ar linn nár thóg a cheann,
An tráth ag ghluais sí linnne — an stáid-bhean.



Sgríobhas an t-amhrán so ó Pheadar Breathnach, Gort an
Tuair. Tá dó nó trí ceathramhna eile de caillte.



Cumadh an t-amhrán so fá mhnaoi uasail óig darbh'
ainm Eilís Ní Neachtain. Phós sí Gall darbh' ainm
Pámar. Fá cheann trí bliadhna i ndiaidh a phósta, thréig
sé í. Fuair sé dháréag dá chuid tionóntaí a mhionnuigh i
n-a h-aghaidh.



M. Ó D.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services