Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Deich nAitheanta a bhaineann le haireachas na colna
Title
Na Deich nAitheanta a bhaineann le haireachas na colna
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na deich nAitheanta a bhaineann le haireachas na colna. I. Aireachas Coithceann — Éirigh go moch, téidhir a chodladh go luath, agus oibrigh i gcaitheamh an lae. II. Aireachas Aeramhail — 'Sé an t-uisge is an t-arán a chothuigheann an bheatha, acht gan aer glan agus grian ní féidir a bheith i ndeagh-shláinte. III. Aireachas an Ghoile — Tiúsgal agus measardhacht an dá nídh amháin a thugann faid saoghail dhúinn. IV. Aireachas an Chodlata — Neartuigheann is deasuigheann dóthain suain, laguigheann is leisigheann an iomarca suain. V. Aireachas Éadaigh — Coiméadann deagh- éadach an corp san dteas a theastuigh- eann uaidh, is cosnann é i n-aghaidh atharrughadh obann aimsire. VI. Aireachas an Chneis — Cosnann an glan- achar na nidhthe ó'n meirg. An gléas oibre a fhriothaltas go maith air, 'sé is sia a mhaireann. VII. Aireachas an Áruis — Deineann tig ceart cóir meidhreach teaghlach shona. VIII. Aireachas Béasamhail — Faghann an intinn sos agus géar-chúis i gcaitheamh aimsire, acht nuair a theidheann duine thar fóir, músglann soin na paisiúin, is na droch- chleachta 'n-a ndiaidh. IX. Aireachas na hIntinne — Taithneann an mheidhreacht leis an mbeatha, agus leath de'n tsláinte 'seadh grádh na beatha. Ar an dtaobh eile brostuigheann an duairceas agus an mí-dhóchas an aois. X. Aireachas an Staid Saoghalta — An í d'inchinn a chothuigheann thú? Má's eadh, ná leog an dathach id' lámhaibh no id' chosaibh. An dtuilleann tú do bheatha leis an rainn nó leis an sluasaid? Ná dearmhaid gan t'intinn d'fheabha- sughadh, agus do smaointe d'uais- liughadh. Donnchadh Ó Laoghaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services