Na deich nAitheanta a bhaineann le
haireachas na colna.
I. Aireachas Coithceann — Éirigh go moch,
téidhir a chodladh go luath, agus oibrigh
i gcaitheamh an lae.
II. Aireachas Aeramhail — 'Sé an t-uisge is
an t-arán a chothuigheann an bheatha, acht
gan aer glan agus grian ní féidir a
bheith i ndeagh-shláinte.
III. Aireachas an Ghoile — Tiúsgal agus
measardhacht an dá nídh amháin a
thugann faid saoghail dhúinn.
IV. Aireachas an Chodlata — Neartuigheann is
deasuigheann dóthain suain, laguigheann
is leisigheann an iomarca suain.
V. Aireachas Éadaigh — Coiméadann deagh-
éadach an corp san dteas a theastuigh-
eann uaidh, is cosnann é i n-aghaidh
atharrughadh obann aimsire.
VI. Aireachas an Chneis — Cosnann an glan-
achar na nidhthe ó'n meirg. An gléas
oibre a fhriothaltas go maith air, 'sé is
sia a mhaireann.
VII. Aireachas an Áruis — Deineann tig ceart
cóir meidhreach teaghlach shona.
VIII. Aireachas Béasamhail — Faghann an intinn
sos agus géar-chúis i gcaitheamh aimsire,
acht nuair a theidheann duine thar fóir,
músglann soin na paisiúin, is na droch-
chleachta 'n-a ndiaidh.
IX. Aireachas na hIntinne — Taithneann an
mheidhreacht leis an mbeatha, agus leath
de'n tsláinte 'seadh grádh na beatha.
Ar an dtaobh eile brostuigheann
an duairceas agus an mí-dhóchas an
aois.
X. Aireachas an Staid Saoghalta — An í
d'inchinn a chothuigheann thú? Má's eadh,
ná leog an dathach id' lámhaibh no id'
chosaibh. An dtuilleann tú do bheatha
leis an rainn nó leis an sluasaid?
Ná dearmhaid gan t'intinn d'fheabha-
sughadh, agus do smaointe d'uais-
liughadh.
Donnchadh Ó Laoghaire.