Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Age Luimneach Dia Domhnaigh do fearadh cluichí báire is peile idir churaidhibh Chiarraighe agus an Chláir. Bhuadar muinntir Chiarraighe an dá chluiche, bíodh gurb' iongnadh le cách a shaoraidighe do rith leo sa bháire agus a fheabhas a bhítheas riamh i gCo. an Chláir chun iomána. Bhí an machaire an-fhliuch agus sleamhain. Seo mar bhí an scór sa bháire: Ciarraighe 1-12; an Chlár 2-5. Ní raibh puinn maitheas sa chluiche peile. Do b'fhollus ó thosach gurb' iad an fhuireann ó Chiarraighe do b'fhearr, is do b'ealadhnta. Ciarraighe 4-6; An Clár 0-2. Age Bóthar mhic Seóin Dhia Domhnaigh do fearadh dhá chluiche eile de sna cluichibh ag baint le curaimhír Chúige Laighean. Cluiche iomána agus cluiche peile a bhí ann. Sa bháire do bhuaidh Co. Cill Dara ar Co. na Midhe 2-6: 1-8 an scór. Sa pheil do bhuaidh Co. na Midhe ar Chill Choinne: 1-9: 1-5. Tugaim fé ndeara feabhas mór ar na Fianna le déidheannaighe. Bhíos ag féachaint ortha ag an nDíon Dia Domnhnaigh, agus bhí sórt scath orm roimh na héachtaibh uathbhásacha dheineadar ann. Má leanaid ar an mbealach so cloisfear uatha i gcaitheamh na bliadhna so. An taithighe a dheineann maighistreacht, a Fhianna. Tá beirt nó triúir d'fhearaibh áilne ar na hÓg-Chiceamaigh agus ní miste iad a leigint ar mhachaire báire. Tá aca clisteacht agus aicill- idheacht nach féidir d'fhágháil acht ó shíor-thaithighe. Do thosnuigheadar go hóg. Ar son gur bhuadh- adar ar na Duibhrigh óga Dia Domhnaigh ní baoghal go raghaidh na Duibhrigh á mbáth mar gheall air. Tá an spioraid go tréan is go Gaedhealach ionnta. Mion-táillí Árd-Chraobh 1-6; Fontenoí 1-4; Dáibhisigh 3-17; Gramhnaigh 1-5; Fianna 3-3; Ciceamaigh 0-8; Ciceamaigh (sóisir) 7-18; Duibhrigh 0-0 Tuathalaigh 2-7; Grosaerí 2-6; Colm Cille 6-11; Tónaig 2-1. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services