Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Age Luimneach Dia Domhnaigh do fearadh cluichí
báire is peile idir churaidhibh Chiarraighe agus an
Chláir. Bhuadar muinntir Chiarraighe an dá
chluiche, bíodh gurb' iongnadh le cách a shaoraidighe
do rith leo sa bháire agus a fheabhas a bhítheas
riamh i gCo. an Chláir chun iomána. Bhí an
machaire an-fhliuch agus sleamhain. Seo mar bhí
an scór sa bháire: Ciarraighe 1-12; an Chlár
2-5. Ní raibh puinn maitheas sa chluiche peile.
Do b'fhollus ó thosach gurb' iad an fhuireann
ó Chiarraighe do b'fhearr, is do b'ealadhnta.
Ciarraighe 4-6; An Clár 0-2.



Age Bóthar mhic Seóin Dhia Domhnaigh do fearadh
dhá chluiche eile de sna cluichibh ag baint le
curaimhír Chúige Laighean. Cluiche iomána agus
cluiche peile a bhí ann. Sa bháire do bhuaidh Co.
Cill Dara ar Co. na Midhe 2-6: 1-8 an scór.
Sa pheil do bhuaidh Co. na Midhe ar Chill Choinne:
1-9: 1-5.



Tugaim fé ndeara feabhas mór ar na Fianna
le déidheannaighe. Bhíos ag féachaint ortha ag
an nDíon Dia Domnhnaigh, agus bhí sórt scath
orm roimh na héachtaibh uathbhásacha dheineadar
ann. Má leanaid ar an mbealach so cloisfear
uatha i gcaitheamh na bliadhna so. An taithighe
a dheineann maighistreacht, a Fhianna.



Tá beirt nó triúir d'fhearaibh áilne ar na
hÓg-Chiceamaigh agus ní miste iad a leigint ar
mhachaire báire. Tá aca clisteacht agus aicill-
idheacht nach féidir d'fhágháil acht ó shíor-thaithighe.
Do thosnuigheadar go hóg. Ar son gur bhuadh-
adar ar na Duibhrigh óga Dia Domhnaigh ní
baoghal go raghaidh na Duibhrigh á mbáth mar
gheall air. Tá an spioraid go tréan is
go Gaedhealach ionnta.



Mion-táillí



Árd-Chraobh 1-6; Fontenoí 1-4; Dáibhisigh
3-17; Gramhnaigh 1-5; Fianna 3-3; Ciceamaigh
0-8; Ciceamaigh (sóisir) 7-18; Duibhrigh 0-0
Tuathalaigh 2-7; Grosaerí 2-6; Colm Cille
6-11; Tónaig 2-1.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services