Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ní fheicim-se go ndearnadar muinntir na gCleas Lúith puinn le seachtmhain go mb'fhiú liom bheith ag cur síos air. Ar an dtaobh amuigh de sna cluichibh peile a bhuadhadar na Céitinnigh is na Gearaltaigh ag an nDíon níor frioth linn faic le n-aithris. Dálta na gCéitinneach do rugadar buadh go hadhsáideach. Tá an fhuireann so ag dul i bhfeabhas go maith agus anois ar theacht an tsaesúir má cromaid ar thaithighe i ndáríribh ní baoghal ná go gcloisfear uatha i gcaitheamh na bliadhna. Tá an t-adhmad ar fógh- namh ionnta. Déinidís é oibriughadh chun bun- táiste. Ó's ag trácht thar an nDíon dam é, is mór an truagh gan láthair fé leith a bheith ag Cumann Cleas Lúith na nGaedheal i mBaile Átha Cliath. Badh chóir go mbeadh sé de sheift ionnta agus láthair a cheannach amach, ar chuma nár ghábhadh dhóibh a bheith ag braith ar an bhfear thall gach tráth n-a mbíonn cluiche mór i mBaile Átha Cliath. Ní thuigim-se cad 'n-a thaobh go mbeadh scáth ar an gCumann i dtaobh tabhairt fé'n obair seo, agus a liacht solaoidí atá os a gcomhair is gan dul leathsmuigh de Bhaile Átha Cliath féin. Dá mbeimís chomh hoilte ar ghnó agus atáimíd ar chainnt is fad ó bheadh láthair oireamhnach chun báire againn. Féach an méid airgid do cailltear ó cheann ceann na bliadhna tré bheith ag braith ar an nDíon is ar bhallaibh da shórd. Dá mbeadh ag Cumann na gCleas Lúith aon áit amháin oireamh- nach is beag Domhnach ná beadh na sluaighthe i dtriall ann. Rud eile, ní hionad ceart i gcomhair báire an Díon. Tá an láthair ró- bheag. Is minic a caithtear stad i lár imeartha chun na liathróide a chuardach nuair theidheann sí thar teorainn. Níl aon fhoithin ann go bhféadfadh duine baint de nó cur uimis, acht gach éinne 'n-a sheicidúir ar leath-taoibh claidhe. Tagann de sin go léir nach mian le daoinibh dul ag féachaint ar chluichibh go dtí láthair an Dín. Ní beag nod do'n eolach. Táim ag cuimhneamh ar thagairt do so arís. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services