Ar Faithche na hImeartha
Ní fheicim-se go ndearnadar muinntir na
gCleas Lúith puinn le seachtmhain go mb'fhiú
liom bheith ag cur síos air. Ar an dtaobh amuigh
de sna cluichibh peile a bhuadhadar na Céitinnigh
is na Gearaltaigh ag an nDíon níor frioth linn
faic le n-aithris. Dálta na gCéitinneach do
rugadar buadh go hadhsáideach. Tá an fhuireann
so ag dul i bhfeabhas go maith agus anois ar
theacht an tsaesúir má cromaid ar thaithighe i
ndáríribh ní baoghal ná go gcloisfear uatha i
gcaitheamh na bliadhna. Tá an t-adhmad ar fógh-
namh ionnta. Déinidís é oibriughadh chun bun-
táiste.
Ó's ag trácht thar an nDíon dam é, is mór
an truagh gan láthair fé leith a bheith ag Cumann
Cleas Lúith na nGaedheal i mBaile Átha Cliath.
Badh chóir go mbeadh sé de sheift ionnta agus
láthair a cheannach amach, ar chuma nár ghábhadh
dhóibh a bheith ag braith ar an bhfear thall gach
tráth n-a mbíonn cluiche mór i mBaile Átha
Cliath. Ní thuigim-se cad 'n-a thaobh go mbeadh
scáth ar an gCumann i dtaobh tabhairt fé'n obair
seo, agus a liacht solaoidí atá os a gcomhair
is gan dul leathsmuigh de Bhaile Átha Cliath féin.
Dá mbeimís chomh hoilte ar ghnó agus atáimíd
ar chainnt is fad ó bheadh láthair oireamhnach chun
báire againn.
Féach an méid airgid do cailltear ó cheann
ceann na bliadhna tré bheith ag braith ar an
nDíon is ar bhallaibh da shórd. Dá mbeadh ag
Cumann na gCleas Lúith aon áit amháin oireamh-
nach is beag Domhnach ná beadh na sluaighthe i
dtriall ann. Rud eile, ní hionad ceart i
gcomhair báire an Díon. Tá an láthair ró-
bheag. Is minic a caithtear stad i lár imeartha
chun na liathróide a chuardach nuair theidheann sí
thar teorainn. Níl aon fhoithin ann go bhféadfadh
duine baint de nó cur uimis, acht gach éinne
'n-a sheicidúir ar leath-taoibh claidhe. Tagann
de sin go léir nach mian le daoinibh dul ag
féachaint ar chluichibh go dtí láthair an Dín. Ní
beag nod do'n eolach. Táim ag cuimhneamh ar
thagairt do so arís.
Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath