Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag ruagadh na hEitinne
Title
Ag ruagadh na hEitinne
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ag ruagadh na hEitinne. Mór-chruinniughadh i gCeathramhaidh Ruaidh. Seachtmhain 's an Domhnach so tharainn bhí an- chuimse daoine i láthair ag cruinniughadh do cuireadh ar bun i gCeathramhaidh Ruaidh, i gCona- mara, le tús do chur ar an tslíghe atá ceaptha amach ag an Dochtúir Ó Beirn, chum cosg do chur leis an Eitinn is leis an bhfiabhras sa gceanntar sin. Bhí an tAthair Seaghán Ó hÉaluighe, S.P. i gceannus an chruinnighthe; agus bhí 'n-a chuideachta “An Doctúir;” an Dr. Ó Ceall- aigh; Mac Uí Sheoin (ó'n Líonán), Seaghán Mac hÉnrigh, an Timthire; Pádraic O Conaire, an Giúistís; P. Ó Tiobraide, M.S.; Pádraic Ó Neachtain, C. Ceann., Mícheal Ó Reachtain, C. Ceann., is a lán eile d'uaislíbh na háite. Ar éirghe do'n Athar Ó hÉalaighe, tháinig mór-gháir is bualadh bos ó'n gcruinniughadh. — Dubhairt an tAthair Seaghán: — “A cháirde, tá áthas orm an cruinniughadh breagh so fheiceál os mo chomhair le tús do chur ar an obair atá i laimh againn. Labhair mé libh tamall maith indiu tar éis an Aifrinn ar an obair atá an Dochtúir ag dul a chur ar bun i n-ar measg; dá bhrígh sin níl call dom mórán a rádh anois, ó thárla daoine eile annso le labhairt libh. Tá súil agam go n-éistfidh sibh go géar leis an teagasg a bhéarfas siad dhíbh; baineann an cheist libh-se; is dhíbh atá an obair dá cur ar bun; is tá sé de dhualgas oraibh gach 's is féidir libh d'eolas d'fhágháil ar an gceist seo na heitinne; an t-eolas a thabhairt a bhaile libh 's é innseacht dóibh seo nach bhfuil i láthair indiu. Níl níos mó le rádh agam-sa anois, acht iarrfad ar Sheaghán Mac hÉnrigh labhairt libh.” Labhair Seaghán Mac hÉnrigh annsin is dubh- airt: nárbh' fhéidir obair a cheapadh ní ba thábhachtaighe 'ná obair do chuirfead cosg leis an ngalar gránda do bhí ag sgrios na tíre. Dá dtagadh coiste chuca ag roinnt málaí óir ortha déarfaidís uilig go raibh an t-ádh ortha, acht dá mbeadh ór aca chomh fairsing is bhí na clocha thart timcheall ortha, badh bheag an mhaith é gan an tsláinte; ba luathmhaire an tsláinte 'ná a raibh d'ór sa domhan; agus bhí an obair a cuireadh ar bun an lá sin leagtha amach leis an tsláinte do thabhairt chuca-san. Labhair Seaghán annsin ar obair an Chonnartha is dubhairt go raibh sé ag tabhairt congnaimh anois an Dochtúir Ó Beirn do chur chuca, le tasbánadh dóibh an tslighe a b'fhéidir leo an tsláinte bheith aca is an eitinn 's an fiabhras do ruagadh uatha. Acht le sin do dhéanamh níor mhór dóibh sin beagán a dhéanamh, is go mór- mór an rud adéarfadh an Dochtúir leo. Má curtar braon uisge ar phláta 's a chur amach sa ngréin lá samhraidh, tiormóchaidh an t-uisge — imtheochaidh sé san aer. Ar an gcaoi chéadhna, tiormóchaidh an linn shalach atá os comhair an tighe; tiormóchaidh an t-aoileach atá 'n-a charnán ag an doras. Atá an ghrian ag súgh an uisge as an linn shalaigh 's as an aoileach lóbhtha tá sé ag éirghe san aer atá thart timcheall an tighe, istigh 's taobh amuigh, 's tá na daoine i dteach de'n tseort sin, an naoidheanán, an páiste, fear 's bean an tighe, ag tarraint an aeir seo isteach le gach uile anáil d'oidhche 's de ló. An áit a bhfuil sin amhlaidh ní bhéidh sláinte ann.” Tháinig Mac Uí Sheoin i láthair annsin, is dubhairt:— Fríoth ar an bpointe, nó gealladh, an chuid is mó de'n £5, is dubhairt Mac Uí Sheoin go ndéanfad sé féin suas an chuid eile. Labhair Mac Uí Thiobraide, M.S., annsin, tamall, is thug comhairle mhaith do na daoinibh i dtaobh na hoibre a bhí dá chur ar bun. Annsin tháinig an Dochtúir é féin i láthair, 's chuaidh mór-gháirthe suas ó'n gcruinniughadh. Dubhairt an Dochtúir: “Is athrughadh ar an saoghal é cruinniughadh mar é seo theacht le chéile, le tús do chur ar an obair atá ceaptha againn; 'sé sin, 'ch uile dhroch-thinneas do ghlanadh amach as an dtír, agus tighthe na ndaoine mbocht do dheanamh tirm is folláin. Tá bocht is saidh- bhir, sagart is ministéir; íseal is uasal ar aon intinn nach bhfuil aon obair níos fearr nó níos trócairighe 'ná teach an fhir bhoicht do réidh- teach, galracha gránda do dhíbirt uaidh, 's fios do thabhairt d'fhear an tighe is dá pháistíbh, le iad do chongbáil slán ó'n tinneas. Is iomdha nídh a thug daoine le chéile san am atá caithte; acht támuid bailighthe le chéile indiu le troid do chur ar na namhaid is measa dar casadh linn fós, an Eitinn! An Eitinn ghránda, an Eitinn bhradach, atá ag sguabadh léithi na ndaoine óga! Támuid 'n-ar gcodladh sa tí seo leith leith-chéad bliadhain; fad is bhí tíortha eile ag dul ar aghaidh, is ag sgapadh eolais ar gach uile nídh, bhíomar gan cabhair gan cor; bhí droch-dhligheanna agus oideachas gallda ag cur dalla mullóg orainn, agus tháinig an bhochtanas 's 'ch uile mhí-ádh anuas orainn, chaoi gur chaill na daoine a raibh de spioraid 's de mhisneach aca; 's gach uile mhí-ádh 's tinneas dá dtáinig ortha deireadh siad go mbadh toil Dé é. Dá sguabfadh an Eitinn nó an Fiabhras leath an bhaile leis, ní raibh ann acht “Toil Dé”; ní raibh duine ar bith adéarfadh “b'fhéidir gur sinn féin atá ciontach”; 's dá bhrígh sin ní raibh duine a thógfadh lámh le cosg do chur leis an léir-sgrios a bhí ag ithe roimpi mar channcar. Ní raibh ann acht “Toil Dé,” nó, “d'imthigh sé ins na sidheogaibh;” acht, a cháirde, tá rud eicínt eile le déanamh ag Dia seachas a bheith ag cur galracha ar na créatúiríbh do chruthuigh sé féin; agus ar ndóigh, badh beag an mhaith do na sidheogaibh créatúr atá lóbhtha leis an Eitinn! Acht, a chomhursanaí, ní ar Dhia atá an milleán, ná ar na sidheogaibh, acht orainn féin; acht ní rabhamar cionntach gan fáth, ní raibh fhios a mhalairt againn; ní raibh fios ná teagasg againn ar na galrachaibh so, dá mbeadh, bheadhmuid aireach — “fágh fios, fágh eolas, is béidh cumhacht agaibh.” Féach ar an bhFrainnc, is ar an nGearmáin. Tamall ó shoin bhíodar sgriosta leis an Eitinn, 'acht anois tá sí díbrighthe aca; thug an léighinn 's an t-eolas cumhacht dóibh í ruagadh agus an rud a rinneadh ins na tíorthaibh sin, is féidir a dhéanamh i nÉirinn leis an tslíghe céadna — agus le congnamh Dé, déanfamuid é, is támuid ag dul ag tosuigh annso indiu.” Mhínigh An Dochtúir annsin an chaoi a raibh sé leis an obair a thosughadh; go dtiubhradh fios d'óg is do shean leis an Eitinn 's an fiabhras do sheachaint. Thug Coiste Ceanntair Uachtair Áird cead dó leigheachtaí do thabhairt ar na galrachaibh so do na daoinibh, acht níor fhéad siad dochtúir íoc i n-aáit. “Céard a rinneamair?” ars' an Dochtúir. “Sgríobh mé chuig AN CLAIDHEAMH SOLUIS, páipéar Chonnartha na Gaedhilge. Bhailigh AN CLAIDHEAMH SOLUIS airgead le dochtúir do
chur in m'áit féin go ceann trí mhí, is geallaim dhíbh-se go ndéanfaidh mé mo dhícheall ar feadh an ama sin, eolas do thabhairt d'fhear, bean is páiste ar na galraibh atá ag sgrios na tíre.” (Mór-bhualadh bos). Chuir an rún buidheachais do'n Athair Ó hÉalaighe críoch leis an gcruinniughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services