Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag ruagadh na hEitinne

Title
Ag ruagadh na hEitinne
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ag ruagadh na hEitinne.



Mór-chruinniughadh i gCeathramhaidh
Ruaidh.



Seachtmhain 's an Domhnach so tharainn bhí an-
chuimse daoine i láthair ag cruinniughadh do
cuireadh ar bun i gCeathramhaidh Ruaidh, i gCona-
mara, le tús do chur ar an tslíghe atá ceaptha
amach ag an Dochtúir Ó Beirn, chum cosg do chur
leis an Eitinn is leis an bhfiabhras sa gceanntar
sin. Bhí an tAthair Seaghán Ó hÉaluighe, S.P.
i gceannus an chruinnighthe; agus bhí 'n-a
chuideachta “An Doctúir;” an Dr. Ó Ceall-
aigh; Mac Uí Sheoin (ó'n Líonán), Seaghán Mac
hÉnrigh, an Timthire; Pádraic O Conaire, an
Giúistís; P. Ó Tiobraide, M.S.; Pádraic Ó
Neachtain, C. Ceann., Mícheal Ó Reachtain, C.
Ceann., is a lán eile d'uaislíbh na háite.



Ar éirghe do'n Athar Ó hÉalaighe, tháinig
mór-gháir is bualadh bos ó'n gcruinniughadh. —
Dubhairt an tAthair Seaghán: —



“A cháirde, tá áthas orm an cruinniughadh
breagh so fheiceál os mo chomhair le tús do chur
ar an obair atá i laimh againn. Labhair mé libh
tamall maith indiu tar éis an Aifrinn ar an
obair atá an Dochtúir ag dul a chur ar bun i n-ar
measg; dá bhrígh sin níl call dom mórán a rádh
anois, ó thárla daoine eile annso le labhairt libh.
Tá súil agam go n-éistfidh sibh go géar leis an
teagasg a bhéarfas siad dhíbh; baineann an cheist
libh-se; is dhíbh atá an obair dá cur ar bun; is
tá sé de dhualgas oraibh gach 's is féidir libh
d'eolas d'fhágháil ar an gceist seo na heitinne;
an t-eolas a thabhairt a bhaile libh 's é innseacht
dóibh seo nach bhfuil i láthair indiu. Níl níos
mó le rádh agam-sa anois, acht iarrfad ar
Sheaghán Mac hÉnrigh labhairt libh.”



Labhair Seaghán Mac hÉnrigh annsin is dubh-
airt: nárbh' fhéidir obair a cheapadh ní ba
thábhachtaighe 'ná obair do chuirfead cosg leis an
ngalar gránda do bhí ag sgrios na tíre. Dá
dtagadh coiste chuca ag roinnt málaí óir ortha
déarfaidís uilig go raibh an t-ádh ortha, acht dá
mbeadh ór aca chomh fairsing is bhí na clocha
thart timcheall ortha, badh bheag an mhaith é gan
an tsláinte; ba luathmhaire an tsláinte 'ná
a raibh d'ór sa domhan; agus bhí an obair a
cuireadh ar bun an lá sin leagtha amach leis an
tsláinte do thabhairt chuca-san.



Labhair Seaghán annsin ar obair an Chonnartha
is dubhairt go raibh sé ag tabhairt congnaimh
anois an Dochtúir Ó Beirn do chur chuca, le
tasbánadh dóibh an tslighe a b'fhéidir leo an
tsláinte bheith aca is an eitinn 's an fiabhras do
ruagadh uatha. Acht le sin do dhéanamh níor
mhór dóibh sin beagán a dhéanamh, is go mór-
mór an rud adéarfadh an Dochtúir leo. Má
curtar braon uisge ar phláta 's a chur amach sa
ngréin lá samhraidh, tiormóchaidh an t-uisge —
imtheochaidh sé san aer. Ar an gcaoi chéadhna,
tiormóchaidh an linn shalach atá os comhair an
tighe; tiormóchaidh an t-aoileach atá 'n-a charnán
ag an doras. Atá an ghrian ag súgh an uisge
as an linn shalaigh 's as an aoileach lóbhtha tá sé
ag éirghe san aer atá thart timcheall an tighe,
istigh 's taobh amuigh, 's tá na daoine i
dteach de'n tseort sin, an naoidheanán, an
páiste, fear 's bean an tighe, ag tarraint an
aeir seo isteach le gach uile anáil d'oidhche 's de
ló. An áit a bhfuil sin amhlaidh ní bhéidh sláinte
ann.”



Tháinig Mac Uí Sheoin i láthair annsin, is
dubhairt:—



Fríoth ar an bpointe, nó gealladh, an chuid
is mó de'n £5, is dubhairt Mac Uí Sheoin go
ndéanfad sé féin suas an chuid eile.



Labhair Mac Uí Thiobraide, M.S., annsin,
tamall, is thug comhairle mhaith do na daoinibh
i dtaobh na hoibre a bhí dá chur ar bun.



Annsin tháinig an Dochtúir é féin i láthair,
's chuaidh mór-gháirthe suas ó'n gcruinniughadh.
Dubhairt an Dochtúir: “Is athrughadh ar an
saoghal é cruinniughadh mar é seo theacht le
chéile, le tús do chur ar an obair atá ceaptha
againn; 'sé sin, 'ch uile dhroch-thinneas do ghlanadh
amach as an dtír, agus tighthe na ndaoine mbocht
do dheanamh tirm is folláin. Tá bocht is saidh-
bhir, sagart is ministéir; íseal is uasal ar
aon intinn nach bhfuil aon obair níos fearr nó
níos trócairighe 'ná teach an fhir bhoicht do réidh-
teach, galracha gránda do dhíbirt uaidh, 's fios
do thabhairt d'fhear an tighe is dá pháistíbh, le iad
do chongbáil slán ó'n tinneas. Is iomdha
nídh a thug daoine le chéile san am atá caithte;
acht támuid bailighthe le chéile indiu le troid
do chur ar na namhaid is measa dar casadh linn
fós, an Eitinn! An Eitinn ghránda, an Eitinn
bhradach, atá ag sguabadh léithi na ndaoine óga!
Támuid 'n-ar gcodladh sa tí seo leith leith-chéad
bliadhain; fad is bhí tíortha eile ag dul ar
aghaidh, is ag sgapadh eolais ar gach uile nídh,
bhíomar gan cabhair gan cor; bhí droch-dhligheanna
agus oideachas gallda ag cur dalla mullóg
orainn, agus tháinig an bhochtanas 's 'ch uile
mhí-ádh anuas orainn, chaoi gur chaill na daoine
a raibh de spioraid 's de mhisneach aca; 's gach
uile mhí-ádh 's tinneas dá dtáinig ortha deireadh
siad go mbadh toil Dé é. Dá sguabfadh an
Eitinn nó an Fiabhras leath an bhaile leis, ní
raibh ann acht “Toil Dé”; ní raibh duine ar
bith adéarfadh “b'fhéidir gur sinn féin atá
ciontach”; 's dá bhrígh sin ní raibh duine a
thógfadh lámh le cosg do chur leis an léir-sgrios
a bhí ag ithe roimpi mar channcar. Ní raibh ann
acht “Toil Dé,” nó, “d'imthigh sé ins na
sidheogaibh;” acht, a cháirde, tá rud eicínt eile
le déanamh ag Dia seachas a bheith ag cur galracha
ar na créatúiríbh do chruthuigh sé féin; agus
ar ndóigh, badh beag an mhaith do na sidheogaibh
créatúr atá lóbhtha leis an Eitinn!



Acht, a chomhursanaí, ní ar Dhia atá an milleán,
ná ar na sidheogaibh, acht orainn féin; acht ní
rabhamar cionntach gan fáth, ní raibh fhios a
mhalairt againn; ní raibh fios ná teagasg againn
ar na galrachaibh so, dá mbeadh, bheadhmuid aireach
— “fágh fios, fágh eolas, is béidh cumhacht agaibh.”
Féach ar an bhFrainnc, is ar an nGearmáin.
Tamall ó shoin bhíodar sgriosta leis an Eitinn,
'acht anois tá sí díbrighthe aca; thug an léighinn
's an t-eolas cumhacht dóibh í ruagadh agus an
rud a rinneadh ins na tíorthaibh sin, is féidir a
dhéanamh i nÉirinn leis an tslíghe céadna — agus
le congnamh Dé, déanfamuid é, is támuid ag
dul ag tosuigh annso indiu.”



Mhínigh An Dochtúir annsin an chaoi a raibh sé
leis an obair a thosughadh; go dtiubhradh fios
d'óg is do shean leis an Eitinn 's an fiabhras
do sheachaint. Thug Coiste Ceanntair Uachtair
Áird cead dó leigheachtaí do thabhairt ar na
galrachaibh so do na daoinibh, acht níor fhéad siad
dochtúir íoc i n-aáit.



“Céard a rinneamair?” ars' an Dochtúir.
“Sgríobh mé chuig AN CLAIDHEAMH SOLUIS,
páipéar Chonnartha na Gaedhilge. Bhailigh AN
CLAIDHEAMH SOLUIS airgead le dochtúir do


L. 07


chur in m'áit féin go ceann trí mhí, is geallaim
dhíbh-se go ndéanfaidh mé mo dhícheall ar feadh
an ama sin, eolas do thabhairt d'fhear, bean is
páiste ar na galraibh atá ag sgrios na tíre.”



(Mór-bhualadh bos).



Chuir an rún buidheachais do'n Athair Ó
hÉalaighe críoch leis an gcruinniughadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services