Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - I nDúrlas
Title
Ar Faithche na hImeartha - I nDúrlas
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha I nDúrlas Bhí scéala maithe le n-innsint ag Rúnaidhe Cumann na gCleas Lúith ar an Oireachtas i nDúrlas Éile Dia Domhnaigh. Níorbh fhearr soin ná an scéal do fríoth ón Sparánaidhe. D'éis gach éilimh d'íoc ar feadh na bliadhna tá corraidheacht is céad agus trí punt i dtaisce ag an gCumann i gcomhair hath- bhliadhna. Bhí an scéal céadna le n-inntsin ag comhaltaisíbh na gCúigí. Tá braith agam go leanfar de sin. Craobhacha Anois a chítear an maitheas a tháinig de bharr an deabhadh a deineadh i mbliadhna le sna hiom- aidheachta craoibhe. Tá gach craobh aca imeartha glan amach. Tá craobh an bháire buaidhte ag Cill Choinnigh, agus craobh na Peile ag laochraidh Chill Dara. Sidí an chéad bliadhain anois le tamall maith 'n-a raibh an scéal mar sin againn, agus níor mhiste é choimeád amhlaidh. Na Cunntaisí Is maith liom a fheicsint gur éirigh leis an Stacach san rún do chuir os a gcomhair i dtaobh cunntaisí. Beidh ionntaoibh ag daoinibh feasta as obair an Chumainn. Níl uainn anois acht go gcuirfidhe i gcló is go gcraobhscaoilfidhe na cunntaisí uair sa ráithe nó mar sin. Níl pioc le cailleamhaint ag Cumann na gCleas Lúith tré gach a mbaineann leo a chur amach os comhair
an tsaoghail. Ró-chiúin a bhíodar go dtí so. Bhainidís díobh an fhallaing. Oireachtas Reatha I mBaile Átha Cliath a bheidh an chéad oireachtas eile ag an gCumann. Is fearr soin ná é bheith san mball céadna i gcomhnaidhe. Do b'fhéidir, ámh, é dhéanamh nísa thaitneamhaighe agus nísa Ghaedhealaighe. Féachaidís muinntir Bhaile Átha Cliath chuige go mbeidh rud ann seochus cainnt an chéad uair eile. Níorbh aon dioghbháil é choimeád ar shiubhal ar feadh dhá lá, iomaidheachta i gcleasaibh lúith a bheith ann istló agus corma ceoil agus céilidhthe istoidhche. Ar an gcuma soin 'seadh is fearr a chuirfidh Gaedhil aithne ar a chéile. Na Coláistí Ba mhaith an obair é gur cuireadh ar seol iomaidheacht i gcomhair Choláistí fé riarughadh an Chumainn. Is iongnadh liom go ndearnadh dear- mad ortha go dtí so féin. Badh cheart do chomhaltaisíbh conntae aire thabhairt do sna scoil- eannaibh leis. Ar na scoileannaibh atá ár seasamh agus ná déantar dearmad díobh. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services