Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - I nDúrlas

Title
Ar Faithche na hImeartha - I nDúrlas
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



I nDúrlas



Bhí scéala maithe le n-innsint ag Rúnaidhe
Cumann na gCleas Lúith ar an Oireachtas i
nDúrlas Éile Dia Domhnaigh. Níorbh fhearr
soin ná an scéal do fríoth ón Sparánaidhe.
D'éis gach éilimh d'íoc ar feadh na bliadhna tá
corraidheacht is céad agus trí punt i
dtaisce ag an gCumann i gcomhair hath-
bhliadhna. Bhí an scéal céadna le n-inntsin ag
comhaltaisíbh na gCúigí. Tá braith agam go
leanfar de sin.



Craobhacha



Anois a chítear an maitheas a tháinig de bharr
an deabhadh a deineadh i mbliadhna le sna hiom-
aidheachta craoibhe. Tá gach craobh aca imeartha
glan amach. Tá craobh an bháire buaidhte ag
Cill Choinnigh, agus craobh na Peile ag laochraidh
Chill Dara. Sidí an chéad bliadhain anois le
tamall maith 'n-a raibh an scéal mar sin againn,
agus níor mhiste é choimeád amhlaidh.



Na Cunntaisí



Is maith liom a fheicsint gur éirigh leis an
Stacach san rún do chuir os a gcomhair i
dtaobh cunntaisí. Beidh ionntaoibh ag daoinibh
feasta as obair an Chumainn. Níl uainn anois
acht go gcuirfidhe i gcló is go gcraobhscaoilfidhe
na cunntaisí uair sa ráithe nó mar sin. Níl
pioc le cailleamhaint ag Cumann na gCleas Lúith
tré gach a mbaineann leo a chur amach os comhair


L. 6


an tsaoghail. Ró-chiúin a bhíodar go dtí so.
Bhainidís díobh an fhallaing.



Oireachtas Reatha



I mBaile Átha Cliath a bheidh an chéad oireachtas
eile ag an gCumann. Is fearr soin ná é bheith
san mball céadna i gcomhnaidhe. Do b'fhéidir,
ámh, é dhéanamh nísa thaitneamhaighe agus nísa
Ghaedhealaighe. Féachaidís muinntir Bhaile Átha
Cliath chuige go mbeidh rud ann seochus cainnt
an chéad uair eile. Níorbh aon dioghbháil é
choimeád ar shiubhal ar feadh dhá lá, iomaidheachta
i gcleasaibh lúith a bheith ann istló agus corma
ceoil agus céilidhthe istoidhche. Ar an gcuma soin
'seadh is fearr a chuirfidh Gaedhil aithne ar a
chéile.



Na Coláistí



Ba mhaith an obair é gur cuireadh ar seol
iomaidheacht i gcomhair Choláistí fé riarughadh an
Chumainn. Is iongnadh liom go ndearnadh dear-
mad ortha go dtí so féin. Badh cheart do
chomhaltaisíbh conntae aire thabhairt do sna scoil-
eannaibh leis. Ar na scoileannaibh atá ár
seasamh agus ná déantar dearmad díobh.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services