Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Báire ag An nDíon
Title
Ar Faithche na hImeartha - Báire ag An nDíon
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Báire ag an nDíon Tháinig sluagh cuibheasach maith ag féachaint ar na Ciceamaigh agus na Fágaigh ag bualadh báire ar láthair an Dín Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn. Níor mealladh aon duine dá dtáinig, mar bhí cluiche thar cionn ann. Ag na Fágaigh a bhí an buadh láithreach sa chéad bhobhta, agus scór 1-3 aca i gcoinnibh 0-2 na gCiceameach. Le linn an dara bobhta, ámh, do cuireadh fuinneamh san imirt agus d'éirigh a ngoil is a ngaisce dóibh ar gach taobh. Do b'iongnadh le gach éinne a fheabhas a bhíodar na Ciceamaigh ag obair. Ba ghearr go rabhthas ar chomh-scór. As soin go dtí deireadh na scríbe bhí gach mac máthar dá raibh ar an dá fuirinn ag obair ar a chroidhe-dhícheall. Ar shon go ndearnadar na Fágaigh ruag nó dhó is gur chuireadar cúl is puinnte le n-a scór, bhí na Ciceamaigh ró-aicillidhe agus i ndeireadh na mbeart dó thángadar chun baile agus puinnte sa bhreis aca. Seo mar bhí an táille: - Ciceam- aigh 2-5; Fágaigh 2-4. Comhaltas Átha Cliath Thángadar i bhfochair a chéile, Dia Domhnaigh teachtairí na bhfoirne i gCo. Bhaile Átha Cliath. Do deineadh oifigigh is comhaltas do thoghadh i gcomhair na bliadhna so chugainn. Is maith liom a fheicsint gur socruigheadh ar a gcuid cunntaisí a leagadh fé dhuine oilte chun iad a dhearbhughadh. Raghaidh soin chun breis meas a tharraint ar a ngnó agus chun stad a chur le cúl-chainnt daoine áirithe. Badh ró-mhaith liom comhaltuisí eile ag aithris air sin. Guidhmíd ré fhóghanta do'n gcom- altas nua, agus tá súil againn go raghaidh cleasa lúith na nGaedheal chun cinn i mBaile Átha Cliath fé n-a riar. Oireachtas na Muimhneach Bhí scéala maithe le n-innsint ar Oireachtas na Muimhneach i dTiobraid Árann Dia Domhnaigh. Ag tosnughadh na bliadhna bhítheas chun deiridh i gcúrsaibh airgid. Anois tá airgead spártha. Cad é an mhaitheas riaghlacha a cheapadh mara leantar dóibh? An té a bhriseann riaghail is a mheasann teacht saor as, b'fhearr amuigh 'ná istigh é. Coingibhtear na riaghlacha pé scéal é. Is maith liom gur socruigheadh i dtaobh Sciath na mBóthar Iarainn. Do bhuaidh Ciarraighe fé dhó í, agus badh sprionnlaithe an bheart gan í fhágaint aca. Nílimíd chomh gann soin um airgid agus nár b'fhéidir linn sciath eile a sholáthar — 'seadh agus sciath i gcomhair na sgol 'n-a theannta. Do deineadh an rud ceart Dia Domhnaigh, agus má thagaid an Comhaltas as an sliogán agus fothrom a dhéanamh is gearr an mhoill ortha sciath agus dhá scéith a sholáthar. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services