Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Báire ag An nDíon

Teideal
Ar Faithche na hImeartha - Báire ag An nDíon
Údar
Ó Donnchadha, Tadhg,
Dáta cumtha
1908
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Báire ag an nDíon



Tháinig sluagh cuibheasach maith ag féachaint ar
na Ciceamaigh agus na Fágaigh ag bualadh báire
ar láthair an Dín Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn.
Níor mealladh aon duine dá dtáinig, mar bhí
cluiche thar cionn ann. Ag na Fágaigh a bhí an
buadh láithreach sa chéad bhobhta, agus scór 1-3
aca i gcoinnibh 0-2 na gCiceameach. Le linn an
dara bobhta, ámh, do cuireadh fuinneamh san
imirt agus d'éirigh a ngoil is a ngaisce dóibh ar
gach taobh. Do b'iongnadh le gach éinne a fheabhas
a bhíodar na Ciceamaigh ag obair. Ba ghearr go
rabhthas ar chomh-scór. As soin go dtí deireadh
na scríbe bhí gach mac máthar dá raibh ar an dá
fuirinn ag obair ar a chroidhe-dhícheall. Ar shon
go ndearnadar na Fágaigh ruag nó dhó is gur
chuireadar cúl is puinnte le n-a scór, bhí na
Ciceamaigh ró-aicillidhe agus i ndeireadh na
mbeart dó thángadar chun baile agus puinnte
sa bhreis aca. Seo mar bhí an táille: - Ciceam-
aigh 2-5; Fágaigh 2-4.



Comhaltas Átha Cliath



Thángadar i bhfochair a chéile, Dia Domhnaigh
teachtairí na bhfoirne i gCo. Bhaile Átha Cliath.
Do deineadh oifigigh is comhaltas do thoghadh i
gcomhair na bliadhna so chugainn. Is maith liom
a fheicsint gur socruigheadh ar a gcuid cunntaisí
a leagadh fé dhuine oilte chun iad a dhearbhughadh.
Raghaidh soin chun breis meas a tharraint ar a
ngnó agus chun stad a chur le cúl-chainnt daoine
áirithe. Badh ró-mhaith liom comhaltuisí eile ag
aithris air sin. Guidhmíd ré fhóghanta do'n gcom-
altas nua, agus tá súil againn go raghaidh cleasa
lúith na nGaedheal chun cinn i mBaile Átha Cliath
fé n-a riar.



Oireachtas na Muimhneach



Bhí scéala maithe le n-innsint ar Oireachtas
na Muimhneach i dTiobraid Árann Dia Domhnaigh.
Ag tosnughadh na bliadhna bhítheas chun deiridh i
gcúrsaibh airgid. Anois tá airgead spártha.



Cad é an mhaitheas riaghlacha a cheapadh mara
leantar dóibh? An té a bhriseann riaghail is
a mheasann teacht saor as, b'fhearr amuigh 'ná
istigh é. Coingibhtear na riaghlacha pé scéal é.



Is maith liom gur socruigheadh i dtaobh Sciath
na mBóthar Iarainn. Do bhuaidh Ciarraighe fé
dhó í, agus badh sprionnlaithe an bheart gan í
fhágaint aca. Nílimíd chomh gann soin um airgid
agus nár b'fhéidir linn sciath eile a sholáthar —
'seadh agus sciath i gcomhair na sgol 'n-a theannta.
Do deineadh an rud ceart Dia Domhnaigh, agus
má thagaid an Comhaltas as an sliogán agus
fothrom a dhéanamh is gearr an mhoill ortha sciath
agus dhá scéith a sholáthar.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services