Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobhacha Báire
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobhacha Báire
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobhacha Báire Lá mór-ghníomh báire do b'eadh an Domhnach so ghaibh tharainn i mBaile Átha Cliath. Táid Comhal- tas an Bháire ag obair go feidhmeamhail agus i n-am tráith do cuireadh críoch Dia Domhnaigh ar dhá cheann dá n-iomaidheachtaibh, .i. an Rang Íochtair agus an Rang Meadhóin. Bhí craobh na sóisear á pléidhe idir fhuirinn ó'n Scoil Leighis agus fuireann Fontenoí. Bhí an lá agus an láthair ar fheabhas agus gach taobh aca dheineadar a ndícheall chun buadh d'fhágháil. Ar an ádhbhar soin, do chonncathas togha cluiche ann. Chuaidh teibirsin le déidheannaighe ar fhuirinn an Scoil Leighis, de dheascaibh grádh dochtúra d'fhágháil do chuid dá ndaltaíbh. Do laguigh soin ar a neart, agus i ndeireadh na himeartha níor fríoth aca acht 2-5; bhí 3-7 ag an mhuinntir eile. Ag pleidhe na craoibhe meadhóin, do thárla na Fianna agus fuireann Ráth Ó Máine ar aghaidh a chéile, ag an nDíon. Is fada ná raibh i láthair san áit sin oiread daoine agus bhí ann Dia Domhnaigh. Is maith an comhartha é sin, mar tugann misneach do sna daoinibh bhíonn ag imirt. I dtosach bárra bhí an ghaoth le muinntir Ráth Ó Máine agus chuireadar síos scór maith. Is fearr go mór a bhí an imirt le linn an tarna bhobhta 'ná mar bhí sí ar dtúis. D'éirigh a ngoil 's a ngaisce do'n dá thaobh aca. Bhí an scór ró-árd i gcoinnibh na bhFianna, ámh, agus bíodh gur oibrigh Seaghán Ó Coingheallaigh agus a thuill- eadh aca ar a ndícheall do theip ortha laigheadughadh puinn a dhéanamh ar na puinntíbh. Seo mar a bhí an táille i ndeireadh na mbeart: - Ráth Ó Máine, 5-6; Fianna 1-8. An-imirt peile do thárla ag an nDíon Dia Domhnaigh idir na Crócaigh agus “Ridirí na hÉireann.” Ó thosach deireadh ann ní bhfuair duine ar aon taobh sos ná suaimhneas. Níor thaise do'n liathróid. Do choimeádadh go dian
'n-a reathaibh ar feadh na haimsire. Bhí puinnte sa bhreis ag na “Ridiríbh” i ndeireadh na dála. Do bhuaidh na Céitinnigh cluiche báire agus cluiche peile ar Eimitigh na Bóinne i nDroichead Átha Dia Domhnaigh. Tá súil agam go n-éireochaidh le hAbhaistín Stac i dtaobh fear cunntaisí ceart d'fhágháil chun leabhair is cunntaisí Chumann na gCleas Lúith do fhromadh is do dhearbhughadh. Sin é an t-asmuchán is minicí á chaitheamh ag seoinínibh is ag lucht an Ghalldachais ar ár gCumann-na. Tugtar isteach fear cunntaisí agus deineadh sé scrúdughadh ceart ar ár gcuid leabhar. Annsoin féadfam méar a chur i súil an tseoinín. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services