Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobhacha Báire

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobhacha Báire
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobhacha Báire



Lá mór-ghníomh báire do b'eadh an Domhnach so
ghaibh tharainn i mBaile Átha Cliath. Táid Comhal-
tas an Bháire ag obair go feidhmeamhail agus i
n-am tráith do cuireadh críoch Dia Domhnaigh ar
dhá cheann dá n-iomaidheachtaibh, .i. an Rang
Íochtair agus an Rang Meadhóin. Bhí craobh na
sóisear á pléidhe idir fhuirinn ó'n Scoil Leighis
agus fuireann Fontenoí. Bhí an lá agus an
láthair ar fheabhas agus gach taobh aca dheineadar
a ndícheall chun buadh d'fhágháil. Ar an ádhbhar
soin, do chonncathas togha cluiche ann. Chuaidh
teibirsin le déidheannaighe ar fhuirinn an Scoil
Leighis, de dheascaibh grádh dochtúra d'fhágháil do
chuid dá ndaltaíbh. Do laguigh soin ar a neart,
agus i ndeireadh na himeartha níor fríoth aca
acht 2-5; bhí 3-7 ag an mhuinntir eile.



Ag pleidhe na craoibhe meadhóin, do thárla na
Fianna agus fuireann Ráth Ó Máine ar aghaidh
a chéile, ag an nDíon. Is fada ná raibh i láthair
san áit sin oiread daoine agus bhí ann Dia
Domhnaigh. Is maith an comhartha é sin, mar
tugann misneach do sna daoinibh bhíonn ag imirt.
I dtosach bárra bhí an ghaoth le muinntir Ráth Ó
Máine agus chuireadar síos scór maith. Is
fearr go mór a bhí an imirt le linn an tarna
bhobhta 'ná mar bhí sí ar dtúis. D'éirigh a ngoil
's a ngaisce do'n dá thaobh aca. Bhí an scór
ró-árd i gcoinnibh na bhFianna, ámh, agus bíodh
gur oibrigh Seaghán Ó Coingheallaigh agus a thuill-
eadh aca ar a ndícheall do theip ortha laigheadughadh
puinn a dhéanamh ar na puinntíbh. Seo mar a
bhí an táille i ndeireadh na mbeart: - Ráth Ó
Máine, 5-6; Fianna 1-8.



An-imirt peile do thárla ag an nDíon Dia
Domhnaigh idir na Crócaigh agus “Ridirí na
hÉireann.” Ó thosach deireadh ann ní bhfuair
duine ar aon taobh sos ná suaimhneas. Níor
thaise do'n liathróid. Do choimeádadh go dian


L. 6


'n-a reathaibh ar feadh na haimsire. Bhí puinnte
sa bhreis ag na “Ridiríbh” i ndeireadh na dála.



Do bhuaidh na Céitinnigh cluiche báire agus
cluiche peile ar Eimitigh na Bóinne i nDroichead
Átha Dia Domhnaigh.



Tá súil agam go n-éireochaidh le hAbhaistín
Stac i dtaobh fear cunntaisí ceart d'fhágháil
chun leabhair is cunntaisí Chumann na gCleas
Lúith do fhromadh is do dhearbhughadh. Sin é an
t-asmuchán is minicí á chaitheamh ag seoinínibh is
ag lucht an Ghalldachais ar ár gCumann-na.
Tugtar isteach fear cunntaisí agus deineadh sé
scrúdughadh ceart ar ár gcuid leabhar. Annsoin
féadfam méar a chur i súil an tseoinín.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services