Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean sa Pheil
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean sa Pheil
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Chúige Laighean sa Pheil Dia Domhnaigh seo ghabh thorainn do fearadh cluiche teann idir gaiscidhigh Átha Cliath is Lugh- bhaidhe ag Bóthar Mhic Seoin. Árd-imirt ar fad a bhí ann. Tá saghas formada idir an dá thaobh le cúpla bliadhain. Is maith an rud é an fhaid is ná gabhann droch-fhuadar leis. Níor tais- peánadh pioc de'n droch-chroidhe ar aon taobh Dia Domhnaigh, agus do chonnacthas dá bharr cluiche peile gur bh'fhiú cluiche a thabhairt air. Fearamhlacht, fulaing, is foidhne de'n tsórd soin is fearr a chuirfidh cleasa lúith na nGaedheal chun tosaigh. Bhí an ghaoth buille láidir, agus ar shon go raibh sé ag spaidfhearthainn i gcaitheamh na maidne, do bhailigh suaicheantais daoine ar pháirc an chatha. Is saith liom a rádh gur briseadh isteach ar láthair na himeartha díreach d'éis tosnughadh ar an gcluiche. Tá súil agam go bhféachfar chuige ná déanfar a leithéid sin arís. Maran féidir ár gcleasa lúith d'imirt gan dailthínteacht de'n tsórd soin a ghabháil leo, caithimís uainn iad. Ná caillimís ár náire de bharr scata nár chleacht riamh deagh-bhéasa. Ní bheidh siad súd deagh-iomchuir choidhche - acht amháin nuair is éigin dóibh bheith amhlaidh.
Do thogair an Cathasach dul i gcoinnibh na gaoithe do chéad dul síos, agus ba ró-ghearr gur chuir muinntir Lughbhaidhe puinnte isteach. I gcaitheamh an chéad bhobhta do bhí a leor-dhóthain le déanamh ag fuirinn Bhaile Átha Cliath ag saoradh a mbogha féin ar gach amus tréan dá dtugadh an dream eile air. B'é scór an leath- bhealaigh, Lughbhaidhe 0-4; Áth Cliath 0-0. San tarna bobhta do tháinig atharrughadh ar an scéal, ámh. D'éirigh a ngoil is a ngaisce do mhuinntir Bhaile Átha Cliath, agus i gcionn nóimit an chluig bhí puinnte sa scór ar an dtaobh. As so amach bhí an imirt ar fheabhas an domhain. Níor tugadh sos ná suaimhneas do'n liathróid, acht í dhá cur síos suas ar feadh na haimsire. Sidé an scór mar bhí i ndeireadh na mbeart:- Áth Cliath, 2-6; Lughbhaidh 0-6. Mion-nótaí Tháinig Comhairle Chúige Laighean i bhfochair a chéile Dia Domhnaigh, ag 68 Sr. Uacht. Dhomhnaill Uí Chonaill. Bhí Seaghan Mac Gearailt 'n-a cheann comhairle. Do chinneadh ar Oireachtas Cúige Laighean do thionól i mBaile Átha Cliath, Feabhra 16. Tá craobh Loch gCarmain sa bháire buaidhte ag “Rábairíbh” Inis Córthaidh. Beidh na Fágaigh is na “Commercials” i gcoinnibh a chéile, ag pléidhe chraobh Bhaile Átha Cliath sa báire Dia Domhnaigh seo chugainn. Ní fuláir nó beidh árd-imirt ann. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services