Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean sa Pheil

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Chúige Laighean sa Pheil
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh Chúige Laighean sa Pheil



Dia Domhnaigh seo ghabh thorainn do fearadh
cluiche teann idir gaiscidhigh Átha Cliath is Lugh-
bhaidhe ag Bóthar Mhic Seoin. Árd-imirt ar fad
a bhí ann. Tá saghas formada idir an dá thaobh
le cúpla bliadhain. Is maith an rud é an fhaid
is ná gabhann droch-fhuadar leis. Níor tais-
peánadh pioc de'n droch-chroidhe ar aon taobh
Dia Domhnaigh, agus do chonnacthas dá bharr
cluiche peile gur bh'fhiú cluiche a thabhairt air.
Fearamhlacht, fulaing, is foidhne de'n tsórd
soin is fearr a chuirfidh cleasa lúith na nGaedheal
chun tosaigh.



Bhí an ghaoth buille láidir, agus ar shon go
raibh sé ag spaidfhearthainn i gcaitheamh na
maidne, do bhailigh suaicheantais daoine ar pháirc
an chatha. Is saith liom a rádh gur briseadh isteach
ar láthair na himeartha díreach d'éis tosnughadh
ar an gcluiche. Tá súil agam go bhféachfar
chuige ná déanfar a leithéid sin arís. Maran
féidir ár gcleasa lúith d'imirt gan dailthínteacht
de'n tsórd soin a ghabháil leo, caithimís uainn
iad. Ná caillimís ár náire de bharr scata nár
chleacht riamh deagh-bhéasa. Ní bheidh siad súd
deagh-iomchuir choidhche - acht amháin nuair is éigin
dóibh bheith amhlaidh.


L. 6


Do thogair an Cathasach dul i gcoinnibh na
gaoithe do chéad dul síos, agus ba ró-ghearr gur
chuir muinntir Lughbhaidhe puinnte isteach. I
gcaitheamh an chéad bhobhta do bhí a leor-dhóthain
le déanamh ag fuirinn Bhaile Átha Cliath ag
saoradh a mbogha féin ar gach amus tréan dá
dtugadh an dream eile air. B'é scór an leath-
bhealaigh, Lughbhaidhe 0-4; Áth Cliath 0-0.



San tarna bobhta do tháinig atharrughadh ar an
scéal, ámh. D'éirigh a ngoil is a ngaisce do
mhuinntir Bhaile Átha Cliath, agus i gcionn nóimit
an chluig bhí puinnte sa scór ar an dtaobh. As
so amach bhí an imirt ar fheabhas an domhain.
Níor tugadh sos ná suaimhneas do'n liathróid,
acht í dhá cur síos suas ar feadh na haimsire.
Sidé an scór mar bhí i ndeireadh na mbeart:-
Áth Cliath, 2-6; Lughbhaidh 0-6.



Mion-nótaí



Tháinig Comhairle Chúige Laighean i bhfochair a
chéile Dia Domhnaigh, ag 68 Sr. Uacht. Dhomhnaill
Uí Chonaill. Bhí Seaghan Mac Gearailt 'n-a
cheann comhairle. Do chinneadh ar Oireachtas
Cúige Laighean do thionól i mBaile Átha Cliath,
Feabhra 16.



Tá craobh Loch gCarmain sa bháire buaidhte ag
“Rábairíbh” Inis Córthaidh.



Beidh na Fágaigh is na “Commercials” i
gcoinnibh a chéile, ag pléidhe chraobh Bhaile Átha
Cliath sa báire Dia Domhnaigh seo chugainn. Ní
fuláir nó beidh árd-imirt ann.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services