Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ag an nDíon Trí cinn do bháiribh do himireadh ag an nDíon Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn, agus ní miste a rádh 'ná gurab iad a bhí go maith. Fá riar Chumann Báire Áth Cliath do fearadh na trí cluichí seo. Sa rang uachtair do thárla cluiche tréan idir na Fágaigh agus fuireann Fontenoí. Na Fágaigh a bhuaidh. Seo mar bhí an scór, — Fágaigh 2-13; Fontenoí, 0-5. An rang meadhóin Sa rang meadhóin, do tháinig muinntir Ráth Ó Máine agus na Ciceamaigh i gcoinnibh a chéile. Seo mar bhí an scór eatortha i ndeireadh na mbeart, — Ráth Ó Máine, 2-10; Ciceamaigh, 2-9. Cluiche dian a b'eadh é seo. Bhí an dá dream ar aon lúth is ar aon mhire, agus ba dheacair a rádh ciaca bhuaidhfeadh. Na sóisir I rang na sóisear b'iad na Ciceamaigh agus na Túathalaigh a bhí i dtreasaibh le chéile. Ar thaobh an tuathail do fríth na Tuathalaigh i ndeir- eadh na dála. Sidé an táille: — Ciceamaigh, 0-21; Tuathalaigh 0-10. Is maith liom a fheicsint go bhfuiltear ag tabhairt isteach na n-ógánach. Ní baoghal do'n bháire má bhíd na hógánaigh páirteach leis. An láthair Ba bhreagh bheith ag féachaint ar na hógánaigh Dia Domhnaigh, bhí a leithéid sin d'fhuinneamh ortha. Bhí sioc ar an dtalamh, agus thug soin go sleamhain é, acht níor shos do sna garsúin, — bhíodar thall 's i bhfus i gcaitheamh an chluiche, Mo ghraidhn iad! Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services