Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ag an nDíon



Trí cinn do bháiribh do himireadh ag an nDíon
Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn, agus ní miste
a rádh 'ná gurab iad a bhí go maith. Fá riar
Chumann Báire Áth Cliath do fearadh na trí
cluichí seo. Sa rang uachtair do thárla cluiche
tréan idir na Fágaigh agus fuireann Fontenoí.
Na Fágaigh a bhuaidh. Seo mar bhí an scór, —
Fágaigh 2-13; Fontenoí, 0-5.



An rang meadhóin



Sa rang meadhóin, do tháinig muinntir Ráth
Ó Máine agus na Ciceamaigh i gcoinnibh a chéile.
Seo mar bhí an scór eatortha i ndeireadh na
mbeart, — Ráth Ó Máine, 2-10; Ciceamaigh,
2-9. Cluiche dian a b'eadh é seo. Bhí an dá
dream ar aon lúth is ar aon mhire, agus ba
dheacair a rádh ciaca bhuaidhfeadh.



Na sóisir



I rang na sóisear b'iad na Ciceamaigh agus
na Túathalaigh a bhí i dtreasaibh le chéile. Ar
thaobh an tuathail do fríth na Tuathalaigh i ndeir-
eadh na dála. Sidé an táille: — Ciceamaigh,
0-21; Tuathalaigh 0-10. Is maith liom a
fheicsint go bhfuiltear ag tabhairt isteach na
n-ógánach. Ní baoghal do'n bháire má bhíd na
hógánaigh páirteach leis.



An láthair



Ba bhreagh bheith ag féachaint ar na hógánaigh
Dia Domhnaigh, bhí a leithéid sin d'fhuinneamh ortha.
Bhí sioc ar an dtalamh, agus thug soin go
sleamhain é, acht níor shos do sna garsúin, —
bhíodar thall 's i bhfus i gcaitheamh an chluiche,
Mo ghraidhn iad!



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services