Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clúid an tSeanchaidhe - An Leabhar Crón
Title
Clúid an tSeanchaidhe - An Leabhar Crón
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clúid an tSeanchaidhe An Leabhar Crón.* Dá mb'eol dúinn snas is slacht do chur le sgéal Sheáin Táilliúir, leanfamuis de, — déar- famuis go raibh togha bídh ar bórd againn Oidhche Nodlag, go raibh síon is sneachta lasmuigh, béilthigheach theine i mbéal simné, sinne go seas- gair sóghach, gan beann againn ar éinne. Déarfamuis go bhfuil truagh againn do sna héanaibh beaga ag crith le fuacht is le hocras amuigh, sa choill, acht ní leigfimís orainn go bhfuil daoine bocht sa tsaoghal i n-aon-chor ná leanbhaí ag cogaint sgoilb adhmaid le heasba bídh. Déarfaidhe gur peann-ghliocas nó Art a leithéid sin, acht ní bheadh an fhírinne ann an cor so mar níor fhan Seana-Sheán 'n-ár dteannta Oidhche Nodlag. D'imthigh sé a bhaile chum a theaghlaigh féin agus níor bhuail sé liom go Bealtaine. “Is míorbhuilteach an méid cúnntais ar an tsean-shaoghal atá sa Leabhar Crón, a Sheáin,” arsa mise, “acht ní thuigim a lán de fós, mar is cruaidhe é seacht n-uaire ná leabhar filidheachta Thaidhg a' tSiúnta. “Ceapaim,” arsa Seán, “go mbainfidh sé preas as sgoláiríbh na hÉireann agus go mbeidh amhras aca ná fuil a leithéid ann i n-aon-chor.” “Is suarach ná fuilim i n-ann an leabhar filidheachta ar fad do léigheamh, acht chuaidh sé dhíom brígh ná éifeacht do bhaint as an bhfocal mí-ádhmharach soin belibukileye atá sgríobhtha air.” Chuir seana-Sheán cnead as. Bhí sé ag din- geadh muiniltre casóige le hiarann te. Stad sé, bhuail sé a dhá dhorn ar chos an iarainn, is d'fhéach orm. Leig Domhnall, a mhac, sgearta gáire as. “Cuir uait, a dhailtín,” arsa Seana-Sheán, “is furusta dh'athaint ná mhúin Tadhg a' tSiúnta thusa. “Cé nár mhúin féin,” arsa Domhnall, “tá fios fáth an fhocail sin agam-sa le breis is bliadhain, is ní thusa thug dhom é!” Leath a shúile ar sheana-Sheán. “Chuirfinn mo shnáthad is mo mhéaracán leat,” ar seisean go tapaidh. “Bíodh n-a gheall,” arsa Domhnall. “Thuig- feadh éinne an focal soin, ní fhuil ann acht ‘béal a' bhuachalla’ i gcruth eile, acht is beag an chiall atá leis freisin, mar an fear magaidh a bhaist é.” Shín Seán a shnáthad is a mhéaracán chum a mhic, “cnaipe gan chos, nó táilliúir gan méar- acán,” ar seisean go feargach. “Cionnus a fuair sé amach é?” arsa mise. “Ní fheadar an tsaoghal,” arsa seana-Sheán, “crochfar an buachaill sin, — ní táilliúireacht a ceapadh dhó mar shlighe bheatha!” “Bog breagh,” arsa Domhnall, “ní gábadh an spior-spear. Is amhlaidh mar a bhíos-sa ar an Árd-Fheis i n-uraidh agus bhíodh sult ag buachaillíbh na tuatha ag cainnt mar sin, agus is é bhí aca 'ná ag aithris ar sgoláiríbh mórá atá thíos annsúd i sgoil éigin Ghallda. Deiridís go léigheann na sgoláirí úd an Ghaedhilg, dar leo féin, acht dá gcloisfeá iad ag guthughadh na bhfocal go mbainfeadh a n-iarracht gáire as muic, mar tugaid siad Lebberbrek ar an “Leabhar Breac,” agus Lebber-leg-in-itch, ar an “Leabhar Laigh- eanach,” agus mar sin dóibh. Ní fheacuighis aon chaitheamh aimsire riamh acht mar a bhí againn 'n-a dtaobh.” “Bhfuil an ceart aige?” arsa seana-Sheán. “An fhírinne gheal,” arsa mise. “Is dócha gur taom éigin atá ag gabháil dóibh, le toil Dé. Ní ceart bheith ag magadh fútha. Éadtromacht atá ortha.” “Ní hamhlaidh é, fir chiallmhara is eadh iad súd,” adeirim-se. “'Seadh,” adeir Domhnall, “agus bioránaigh is eadh iad leis ná fuil aon mheas aca ar an muinntir a labhrann an teanga, agus deir siad nách aca-san acht aca féin atá an Ghaedhilg cheart!” “Go díreach é,” arsa seana-Sheán go mí- chéadthach, “sin é an comhartha, is éadtromacht é gan amhras, agus is é toil Dé leis iad a bheith 'n-a mbalbhanaibh; níor chóir dhuit, a Dhomhnaill, bheith ag magadh fútha, ná feiceann tú dá mbeimís-ne ag áiteamh ar na Sasanachaibh ná labhraid siad-san a dteanga féin i gceart go mbéarfaidís láithreach go rabhamair ar buile?” “Ná bacamuis leo níos mó. Tá an ceart agat-sa, a Sheáin. Bíodh leo súd, agus b'fhéidir nár mhisde leat a innsint dom cá bhfuarthas an Leabhar Crón?” “Cá bhfaghfaidhe é acht i mboisgín tirm i lár fall, muirtaol is spallaí cloch 'n-a thimcheall is an duileasg cloch ag fás mar dhíon air le trí chéad bliadhan ó chuir Domhnall Cam i gcoimeád é.” “Cá ionad?” arsa mise agus allus orm. “An dóigh leat ar bh'é Tadhg a' tSiúnta sgríobh é?” ar seana-Sheán go saoráideach. “Ní ceapaim gur bh'é,” adeirim-se, “tá an chainnt ró-sheanda, is focail ann ná raibh ag Tadhg.” Ná habair an méid sin, ní raibh aithne agat ar Thadhg. Ní raibh a leithéid le linn éinne. Bhí Gréigis is Laidin is Spáinnis aige; tómhaisfeadh sé cnuic le n-a súil; thómhais is mheáduigh sé ó'n mbóthar an bardán liath-ghlas soin ar spíce an teampaill Ghallda i n-ionad na croise, is dubhairt Donnch' Óg ná raibh sé sgreatal ar tuathal. Bhí meas ag Donnchadh air dá aindeoin féin agus deirtear mara mbeadh an crancaire sin Cáit Bhuidhe — bean Dhonnchadha — ná beadh aon chlampar againn. Nuair a chrom sise ar na leanbhaíbh d'fhuadach agus do chur go Neid an Éin i mBaile Átha Cliath bhí an ceanntar so 'n-a chnámhlaigh. Níor innseas duit go raibh galar cléibh ag gabháil do Thadhg is nár chodluigh sé go maith is- toidhche, agus is minic a bhínn-se ag siubhlóid na gcnoc leis an uair mhairbh na hoidhche. Bhíomair aon tráthnóna amháin ar mhullach an Chnuic Duibh ag féachaint uainn ar na teintibh cnámh, mar do b'í oidhche Lae Fhéile Shin Seáin a bhí againn agus bhí a cheap-óirdín aige mar ba ghnáthach leis le blúire bhaint d'aon charraig gur mhaith leis. D'inneosadh sé dhuit aois na carraige sin is cionnus a deineadh í, is bheadh sé 'od' bhodhradh ar feadh uair a' chluig 'n-a taobh; acht dá gcloisfeá é ag trácht thar stair na hÉireann is ar na laethibh do bhí is do bheidh badh dhóigh leat gur ba ceol a ghuth is gur bha lasair a dhá shúil. Bhí sé ag féachaint soir ó thuaidh ar Chnoc a' Bhuachalla an tráthnóna úd. “Nuair a bhí an ghlas-ghaibhneach ag siubhal na hÉireann tar éis na bhFiann,” adeir sé “chodail sí oidhche láimh le Buachaill Finn-Leithid. Tá sean-leabhar agam a deireann nach carraig i n-aon-chor Buachaill Finn-Leithid acht duine! An dóigh leat dá mbadh fear é go mbainfimís cainnt as? Nach aisteach an cunntas a thabharfadh sé dhúinn! Sin é annsoin é, fá dhraoidheacht leis na ciantaibh. Chonnaic sé Fionn ag fiadhach thoir annsoin ar Chnoc na nEasgal, chualaidh sé ceol na gcon, is Bran is Sgeolán ar tosach: chonnaic sé Pártholán ag teacht isteach thíos annsoin ar Inbhear Sgéine, is Donn Mílidh dhá bháthadh ag béal a' Chuain: chonnaic sé Conn Céad-chathach ag gabháil trasna na Ruachta is Eoghan Taidhleac ar teicheadh roimis: chonnaic sé na lochlannaigh ag chosgairt 'n-a thimcheall: chonnaic sé na Sasanaigh ag teacht, is d'fhéach sé uaidh síos ar chath mór Challainn nuair do bhris Finghin mac Carrthaigh ar na Sasanaigh is thiomáin as Ciarr- aighe iad: chonnaic sé ag teacht arís iad i n-aimsir Eilís trí céad bliadhain i ndiaidh Challainn is chonnaic sé Domhnall Cam ag comhrac leo is chualaidh sé gunnaí móra ag pléasgadh an Dúin Bhuidhe is Dún Ciaráin, is Árd Aodha is Ceapach na Coise, agus mo léan géar, chonnaic sé na mílte móra Éireannach ag gabháil thairis an bóthar soir ag imtheacht leo thar bóchna.” Chuireadh ciúineas na gcnoc ag smuaineadh mar sin go minic Tadhg, acht nuair adubhairt sé an oidhche úd gur mhaith leis gabháil anonn chum labhartha le Buachaill Finn-Leithid, tháinig faitchíos orm-sa. Níorbh' aon mhaitheas bheith leis is níorbh' aon mhaitheas dó-san bheith liom-sa acht chomh beag mar leanas é, pé olc maith leis é. Fágaim le hudhacht nuair a bhíomair ag gabháil le fánaidh Chnuic na nEasgal má éirigheadh feadóg sléibhe ar an gcasán romhainn go n- éirigheadh gach ribe gruaige orm-sa mar shílinn go gcloisfinn Fionn is Bran is go bhfeicfinn an carr-fhiadh ruadh rómpa amach. Agus bhí an oidhche chomh ciúin sin, leis, is go gcloisfeá osnadh, is bhí na teinte cnámh múchta sa ghleann, is ní raibh amuigh ach madraí ag amhastraigh ar a chéile i bhfad uainn. Bhí gadhar mór ar Mheall na hEorna ag glaodhach ar ghadhar mór ar Mheall Uí Néill agus badh dhóigh leat go ndeireadh sé “dá mbeinn-se thall, dá mbeinn-se thall, is cabhair agam, is cabhair agam!” is go bhfreagradh gadhar mór Mheill Uí Néill é — “sinn féin, sinn féin, sinn féin amháin, sinn féin amháin!” Fá dheireadh shroicheamair an Buachaill is shíleas ná feaca riamh samhail ba ghráinne 'ná é — crúnca liath ar a chora-ghiub ar ghualainn a' chnuic, meall mór riabhach air ar nós plaoisg fathaigh, log fá'n bplaosg i bhfuirm clab, agus cé nach dócha go bhfuil aon chosamhlacht aige le fear ar a shon soin, nuair adubhairt Tadhg gur ba duine é ní chuirfinn as mo cheann ná go mb'fhéidir go n-osglóchadh sé a chlab riabhach. Ritheas i leath-taoibh is luigheas sa bhfraoch ar crith. Bhuail Tadhg 'n-a thimcheall is d'fhéach go cruinn air. “Labhair linn a Bhuachaill, má tá éinnídh le hinnsint agat,” ar seisean de ghuth árd, — acht ní dócha go raibh sé go hárd acht gur bhain sé preab asam-sa mar bhí an oidhche ciúin is chuala leis glór reatha lastsuas dínn — caoirigh ag rith, mar adubhairt Tadhg. Bhuail sé sa chliathán an Buachaill leis an gceap-óirdín, — “labhair a Bhuachaill, is innis do sgéal dúinn,” — is bhuail sé trí huaire 'ndiaidh a chéile sa chlab arís é. D'fhosgail an Buachaill a bhéal go hobann is chaith sé amach mar a bheadh cír fhiacla is shleamhnuigheadar le fánaidh a bhrághad, agus is suarach nár shleamhnuigh an t-anam asam-sa le sgannradh. Ní raibh ionnam liúgh ná béic a chur asam nuair a chuala guth Thaidhg arís — “labhair anois, a Bhuachaill Finn- Leithid, tá do bhéal réidh,” is bhuail sé arís buille eile dá chasúr air is thuit cír fiacla eile amach as a dhranndail. Chuireas béic uathbhásach asam anois, nuair a chonnaic béal a' Bhuachalla ar leathadh agus Tadhg dá shúghadh isteach ann, agus chonnac 'n-a dhiaidh sin bladhm soluis ag teacht amach as a bhéal. Ní raibh ionnaim corruighe nuair a chuala glaodh ó Thadhg — glaodh uamhnach do b'eadh í leis, mar a bheadh uaill fá thalamh — is le n-a linn sin phreab sé amach is rinnc sé is léim sé, is ar seisean, “greadadh chughat, a Sheáin, preab, is caith léim tailliúra, féach cad tá agam-sa ach Leabhar Crón Uí Súilleabhám Bhéara! Deir na bodaigh ghallda gur bh'amadáin ár sinnsear acht féach a n-áit coimheádtha — Béal a' Bhuachalla!” Conán Maol *Féach “Ar Sgoil a' Chuais” i gCLAIDHEAMH na Nodlag agus “Tadhg a' tSiúnta” i gCLAIDHEAMH na seachtmhaine i n-a dhiaidh sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services