Clúid an tSeanchaidhe
An Leabhar Crón.*
Dá mb'eol dúinn snas is slacht do chur le
sgéal Sheáin Táilliúir, leanfamuis de, — déar-
famuis go raibh togha bídh ar bórd againn Oidhche
Nodlag, go raibh síon is sneachta lasmuigh,
béilthigheach theine i mbéal simné, sinne go seas-
gair sóghach, gan beann againn ar éinne.
Déarfamuis go bhfuil truagh againn do sna
héanaibh beaga ag crith le fuacht is le hocras
amuigh, sa choill, acht ní leigfimís orainn go
bhfuil daoine bocht sa tsaoghal i n-aon-chor ná
leanbhaí ag cogaint sgoilb adhmaid le heasba
bídh. Déarfaidhe gur peann-ghliocas nó Art a
leithéid sin, acht ní bheadh an fhírinne ann an cor
so mar níor fhan Seana-Sheán 'n-ár dteannta
Oidhche Nodlag. D'imthigh sé a bhaile chum a
theaghlaigh féin agus níor bhuail sé liom go
Bealtaine.
“Is míorbhuilteach an méid cúnntais ar an
tsean-shaoghal atá sa Leabhar Crón, a Sheáin,”
arsa mise, “acht ní thuigim a lán de fós, mar
is cruaidhe é seacht n-uaire ná leabhar filidheachta
Thaidhg a' tSiúnta.
“Ceapaim,” arsa Seán, “go mbainfidh sé
preas as sgoláiríbh na hÉireann agus go mbeidh
amhras aca ná fuil a leithéid ann i n-aon-chor.”
“Is suarach ná fuilim i n-ann an leabhar
filidheachta ar fad do léigheamh, acht chuaidh sé
dhíom brígh ná éifeacht do bhaint as an bhfocal
mí-ádhmharach soin belibukileye atá sgríobhtha air.”
Chuir seana-Sheán cnead as. Bhí sé ag din-
geadh muiniltre casóige le hiarann te. Stad
sé, bhuail sé a dhá dhorn ar chos an iarainn, is
d'fhéach orm. Leig Domhnall, a mhac, sgearta
gáire as.
“Cuir uait, a dhailtín,” arsa Seana-Sheán, “is
furusta dh'athaint ná mhúin Tadhg a' tSiúnta
thusa.
“Cé nár mhúin féin,” arsa Domhnall, “tá
fios fáth an fhocail sin agam-sa le breis is
bliadhain, is ní thusa thug dhom é!”
Leath a shúile ar sheana-Sheán. “Chuirfinn
mo shnáthad is mo mhéaracán leat,” ar seisean
go tapaidh.
“Bíodh n-a gheall,” arsa Domhnall. “Thuig-
feadh éinne an focal soin, ní fhuil ann acht
‘béal a' bhuachalla’ i gcruth eile, acht is
beag an chiall atá leis freisin, mar an fear
magaidh a bhaist é.”
Shín Seán a shnáthad is a mhéaracán chum a
mhic, “cnaipe gan chos, nó táilliúir gan méar-
acán,” ar seisean go feargach.
“Cionnus a fuair sé amach é?” arsa mise.
“Ní fheadar an tsaoghal,” arsa seana-Sheán,
“crochfar an buachaill sin, — ní táilliúireacht a
ceapadh dhó mar shlighe bheatha!”
“Bog breagh,” arsa Domhnall, “ní gábadh an
spior-spear. Is amhlaidh mar a bhíos-sa ar an
Árd-Fheis i n-uraidh agus bhíodh sult ag buachaillíbh
na tuatha ag cainnt mar sin, agus is é bhí aca
'ná ag aithris ar sgoláiríbh mórá atá thíos annsúd
i sgoil éigin Ghallda. Deiridís go léigheann
na sgoláirí úd an Ghaedhilg, dar leo féin, acht
dá gcloisfeá iad ag guthughadh na bhfocal go
mbainfeadh a n-iarracht gáire as muic, mar
tugaid siad Lebberbrek ar an “Leabhar Breac,”
agus Lebber-leg-in-itch, ar an “Leabhar Laigh-
eanach,” agus mar sin dóibh. Ní fheacuighis aon
chaitheamh aimsire riamh acht mar a bhí againn 'n-a
dtaobh.”
“Bhfuil an ceart aige?” arsa seana-Sheán.
“An fhírinne gheal,” arsa mise.
“Is dócha gur taom éigin atá ag gabháil dóibh,
le toil Dé. Ní ceart bheith ag magadh fútha.
Éadtromacht atá ortha.”
“Ní hamhlaidh é, fir chiallmhara is eadh iad
súd,” adeirim-se.
“'Seadh,” adeir Domhnall, “agus bioránaigh
is eadh iad leis ná fuil aon mheas aca ar an
muinntir a labhrann an teanga, agus deir siad
nách aca-san acht aca féin atá an Ghaedhilg
cheart!”
“Go díreach é,” arsa seana-Sheán go mí-
chéadthach, “sin é an comhartha, is éadtromacht é
gan amhras, agus is é toil Dé leis iad a bheith
'n-a mbalbhanaibh; níor chóir dhuit, a Dhomhnaill,
bheith ag magadh fútha, ná feiceann tú dá
mbeimís-ne ag áiteamh ar na Sasanachaibh ná
labhraid siad-san a dteanga féin i gceart go
mbéarfaidís láithreach go rabhamair ar buile?”
“Ná bacamuis leo níos mó. Tá an ceart
agat-sa, a Sheáin. Bíodh leo súd, agus b'fhéidir
nár mhisde leat a innsint dom cá bhfuarthas an
Leabhar Crón?”
“Cá bhfaghfaidhe é acht i mboisgín tirm i lár
fall, muirtaol is spallaí cloch 'n-a thimcheall
is an duileasg cloch ag fás mar dhíon air le
trí chéad bliadhan ó chuir Domhnall Cam i
gcoimeád é.”
“Cá ionad?” arsa mise agus allus orm.
“An dóigh leat ar bh'é Tadhg a' tSiúnta
sgríobh é?” ar seana-Sheán go saoráideach.
“Ní ceapaim gur bh'é,” adeirim-se, “tá an
chainnt ró-sheanda, is focail ann ná raibh ag
Tadhg.”
Ná habair an méid sin, ní raibh aithne agat
ar Thadhg. Ní raibh a leithéid le linn éinne. Bhí
Gréigis is Laidin is Spáinnis aige; tómhaisfeadh
sé cnuic le n-a súil; thómhais is mheáduigh sé
ó'n mbóthar an bardán liath-ghlas soin ar spíce
an teampaill Ghallda i n-ionad na croise, is
dubhairt Donnch' Óg ná raibh sé sgreatal ar
tuathal. Bhí meas ag Donnchadh air dá aindeoin
féin agus deirtear mara mbeadh an crancaire
sin Cáit Bhuidhe — bean Dhonnchadha — ná beadh aon
chlampar againn. Nuair a chrom sise ar na
leanbhaíbh d'fhuadach agus do chur go Neid an
Éin i mBaile Átha Cliath bhí an ceanntar so
'n-a chnámhlaigh.
Níor innseas duit go raibh galar cléibh ag
gabháil do Thadhg is nár chodluigh sé go maith is-
toidhche, agus is minic a bhínn-se ag siubhlóid na
gcnoc leis an uair mhairbh na hoidhche. Bhíomair
aon tráthnóna amháin ar mhullach an Chnuic Duibh
ag féachaint uainn ar na teintibh cnámh, mar do
b'í oidhche Lae Fhéile Shin Seáin a bhí againn agus
bhí a cheap-óirdín aige mar ba ghnáthach leis le
blúire bhaint d'aon charraig gur mhaith leis.
D'inneosadh sé dhuit aois na carraige sin is
cionnus a deineadh í, is bheadh sé 'od' bhodhradh
ar feadh uair a' chluig 'n-a taobh; acht dá
gcloisfeá é ag trácht thar stair na hÉireann is
ar na laethibh do bhí is do bheidh badh dhóigh leat
gur ba ceol a ghuth is gur bha lasair a dhá shúil.
Bhí sé ag féachaint soir ó thuaidh ar Chnoc a'
Bhuachalla an tráthnóna úd. “Nuair a bhí an
ghlas-ghaibhneach ag siubhal na hÉireann tar éis
na bhFiann,” adeir sé “chodail sí oidhche láimh
le Buachaill Finn-Leithid. Tá sean-leabhar agam
a deireann nach carraig i n-aon-chor Buachaill
Finn-Leithid acht duine! An dóigh leat dá mbadh
fear é go mbainfimís cainnt as? Nach aisteach
an cunntas a thabharfadh sé dhúinn! Sin é
annsoin é, fá dhraoidheacht leis na ciantaibh.
Chonnaic sé Fionn ag fiadhach thoir annsoin ar
Chnoc na nEasgal, chualaidh sé ceol na gcon,
is Bran is Sgeolán ar tosach: chonnaic sé
Pártholán ag teacht isteach thíos annsoin ar
Inbhear Sgéine, is Donn Mílidh dhá bháthadh ag
béal a' Chuain: chonnaic sé Conn Céad-chathach
ag gabháil trasna na Ruachta is Eoghan Taidhleac
ar teicheadh roimis: chonnaic sé na lochlannaigh ag
chosgairt 'n-a thimcheall: chonnaic sé na
Sasanaigh ag teacht, is d'fhéach sé uaidh síos ar
chath mór Challainn nuair do bhris Finghin mac
Carrthaigh ar na Sasanaigh is thiomáin as Ciarr-
aighe iad: chonnaic sé ag teacht arís iad i
n-aimsir Eilís trí céad bliadhain i ndiaidh
Challainn is chonnaic sé Domhnall Cam ag
comhrac leo is chualaidh sé gunnaí móra ag
pléasgadh an Dúin Bhuidhe is Dún Ciaráin, is
Árd Aodha is Ceapach na Coise, agus mo léan
géar, chonnaic sé na mílte móra Éireannach ag
gabháil thairis an bóthar soir ag imtheacht leo
thar bóchna.”
Chuireadh ciúineas na gcnoc ag smuaineadh
mar sin go minic Tadhg, acht nuair adubhairt
sé an oidhche úd gur mhaith leis gabháil anonn
chum labhartha le Buachaill Finn-Leithid, tháinig
faitchíos orm-sa. Níorbh' aon mhaitheas bheith leis
is níorbh' aon mhaitheas dó-san bheith liom-sa
acht chomh beag mar leanas é, pé olc maith leis
é. Fágaim le hudhacht nuair a bhíomair ag
gabháil le fánaidh Chnuic na nEasgal má éirigheadh
feadóg sléibhe ar an gcasán romhainn go n-
éirigheadh gach ribe gruaige orm-sa mar shílinn
go gcloisfinn Fionn is Bran is go bhfeicfinn
an carr-fhiadh ruadh rómpa amach. Agus bhí an
oidhche chomh ciúin sin, leis, is go gcloisfeá
osnadh, is bhí na teinte cnámh múchta sa ghleann,
is ní raibh amuigh ach madraí ag amhastraigh ar a
chéile i bhfad uainn. Bhí gadhar mór ar Mheall
na hEorna ag glaodhach ar ghadhar mór ar Mheall
Uí Néill agus badh dhóigh leat go ndeireadh sé
“dá mbeinn-se thall, dá mbeinn-se thall, is
cabhair agam, is cabhair agam!” is go bhfreagradh
gadhar mór Mheill Uí Néill é — “sinn féin,
sinn féin, sinn féin amháin, sinn féin amháin!”
Fá dheireadh shroicheamair an Buachaill is
shíleas ná feaca riamh samhail ba ghráinne 'ná é —
crúnca liath ar a chora-ghiub ar ghualainn a'
chnuic, meall mór riabhach air ar nós plaoisg
fathaigh, log fá'n bplaosg i bhfuirm clab, agus
cé nach dócha go bhfuil aon chosamhlacht aige le
fear ar a shon soin, nuair adubhairt Tadhg gur
ba duine é ní chuirfinn as mo cheann ná go
mb'fhéidir go n-osglóchadh sé a chlab riabhach.
Ritheas i leath-taoibh is luigheas sa bhfraoch ar
crith. Bhuail Tadhg 'n-a thimcheall is d'fhéach go
cruinn air. “Labhair linn a Bhuachaill, má tá
éinnídh le hinnsint agat,” ar seisean de ghuth
árd, — acht ní dócha go raibh sé go hárd acht
gur bhain sé preab asam-sa mar bhí an oidhche
ciúin is chuala leis glór reatha lastsuas dínn —
caoirigh ag rith, mar adubhairt Tadhg.
Bhuail sé sa chliathán an Buachaill leis an
gceap-óirdín, — “labhair a Bhuachaill, is innis
do sgéal dúinn,” — is bhuail sé trí huaire 'ndiaidh
a chéile sa chlab arís é. D'fhosgail an Buachaill
a bhéal go hobann is chaith sé amach mar a bheadh
cír fhiacla is shleamhnuigheadar le fánaidh a
bhrághad, agus is suarach nár shleamhnuigh an
t-anam asam-sa le sgannradh. Ní raibh ionnam
liúgh ná béic a chur asam nuair a chuala guth
Thaidhg arís — “labhair anois, a Bhuachaill Finn-
Leithid, tá do bhéal réidh,” is bhuail sé arís
buille eile dá chasúr air is thuit cír fiacla eile
amach as a dhranndail. Chuireas béic uathbhásach
asam anois, nuair a chonnaic béal a' Bhuachalla
ar leathadh agus Tadhg dá shúghadh isteach ann,
agus chonnac 'n-a dhiaidh sin bladhm soluis ag
teacht amach as a bhéal. Ní raibh ionnaim
corruighe nuair a chuala glaodh ó Thadhg — glaodh
uamhnach do b'eadh í leis, mar a bheadh uaill fá
thalamh — is le n-a linn sin phreab sé amach is
rinnc sé is léim sé, is ar seisean, “greadadh
chughat, a Sheáin, preab, is caith léim tailliúra,
féach cad tá agam-sa ach Leabhar Crón Uí
Súilleabhám Bhéara! Deir na bodaigh ghallda
gur bh'amadáin ár sinnsear acht féach a n-áit
coimheádtha — Béal a' Bhuachalla!”
Conán Maol
*Féach “Ar Sgoil a' Chuais” i gCLAIDHEAMH na Nodlag
agus “Tadhg a' tSiúnta” i gCLAIDHEAMH na seachtmhaine
i n-a dhiaidh sin.