Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - An tAos Óg
Title
Ar Faithche na hImeartha - An tAos Óg
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha An tAos Óg Badh mhaith liom focal nó dhó a rádh i dtaobh an Aosa Óig. Is baoghlach ná tugtar aire dhóibh. Mara mbeirtear greim ar aos óg na tíre is iad a chur i dtaithighe an chamáin, imtheochaidh an camán is beidh fuinnseoga ag fás fiadhain. 'Sé dáltha na Gaedhilge féin ag ag gcamán é. Mara mbíonn an Ghaedhilg ag duine ó n-a óige ní bheidh sí go líomhtha aige go deo; agus mara gcleachtann duine an camán ó n-a óige ní bheidh sé in' iománaidhe go deo. Ná bíodh réad dá mhearathal ar éinne 'ná gurab í sin fírinne an scéil: mar is í an fhírinne í. Tosnughadh i n-am Gheobhair fo-dhuine fásta, b'fhéidir, a bheidh aic- illídhe go leor ar spaic a láimhseáil d'éis roinnt taithighe. Ní minic a chítear a leithéid, ámh; agus an duine is fearr aca súd bíonn giobal ar sileadh de bhall éigin leis. Acht má thosnuigheann duine go hóg ar bháire d'imirt, tagann an aicillidheacht is an cruinneas is an luas go nádúrtha chuige; na cuisleanna go mbaintear feidhm asta san imirt téidhid siad i gcruadhas is i righneas; agus ní baoghal dó scáth a bheith air is cuma cad é an ball contabharthach a mbeidh sé ann. Ar a leithéid sin a bheadh mo sheasamh-sa lá an ghleoidh. Cumann Bháire Ba dhóigh liom féin gur bh'é rud do b'fhearr do chumannaibh báire a dhéanamh i rith na bliadhna nua so, 'ná fóirne ógánach a bhailiughadh chucha is a mhúineadh dhóibh cionnus an báire d'imirt. Is fuirist go leor é dhéanamh, mar cuiridh garsúin ana-shuim i gcamán, agus luighfidís ar an bhfoghlaim gan mhairg. Is mór an spórt bheith ag féachaint ortha leis, gan trácht i n-aon chor ar an móráil a bheadh ortha de chionn na ndaoine fásta a bheith ag cur suim 'n-a mbeartaibh. Gan bheith ar stad Furmhór dár sean-laochraibh is eagal liom go mór go mbíd ró-fhighte ionnta féin, is go mb'fhearr leo an mála d'iomchur 'na príntíseach d'fhágháil. Dá bhfanfadh an scéal mar sin d'imtheochadh an chéird leo féin. Pé i nÉirinn é, ní bh'é a leas bheith ar an ndul gcéadna i gcomhnaidhe. Mara mbeidh sí ag teacht chun cinn, is chun deiridh a raghaidh sí 'ndiaidh ar ndiaidh. Leigtear isteach iad Do'n bháire atáim ag tagairt annso mar is é is measa liom. Ní thabharfainn trumpa gan teanga ar aon cheann eile d'bhur gcleasaibh lúith. Acht ní féidir a shéanadh orainn féin go bhfuil an bhail ar an mbáire mar bhadh chóir dó. Leigtear isteach an t-aos óg, agus raghad-sa i n-urradhas air go bhfeicfear a rian ar an mbáire is ar Éirinn féin gan moill. Sin é mo thuairim go háirithe, agus is dóigh liom go bhfuil mór chuid de'n cheart agam. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services