Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - An tAos Óg

Title
Ar Faithche na hImeartha - An tAos Óg
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



An tAos Óg



Badh mhaith liom focal nó dhó a rádh i dtaobh
an Aosa Óig. Is baoghlach ná tugtar aire
dhóibh. Mara mbeirtear greim ar aos óg na
tíre is iad a chur i dtaithighe an chamáin,
imtheochaidh an camán is beidh fuinnseoga ag
fás fiadhain. 'Sé dáltha na Gaedhilge féin ag
ag gcamán é. Mara mbíonn an Ghaedhilg ag
duine ó n-a óige ní bheidh sí go líomhtha aige go
deo; agus mara gcleachtann duine an camán
ó n-a óige ní bheidh sé in' iománaidhe go deo.
Ná bíodh réad dá mhearathal ar éinne 'ná gurab
í sin fírinne an scéil: mar is í an fhírinne í.



Tosnughadh i n-am



Gheobhair fo-dhuine fásta, b'fhéidir, a bheidh aic-
illídhe go leor ar spaic a láimhseáil d'éis
roinnt taithighe. Ní minic a chítear a leithéid,
ámh; agus an duine is fearr aca súd bíonn
giobal ar sileadh de bhall éigin leis. Acht má
thosnuigheann duine go hóg ar bháire d'imirt,
tagann an aicillidheacht is an cruinneas is an
luas go nádúrtha chuige; na cuisleanna go
mbaintear feidhm asta san imirt téidhid siad i
gcruadhas is i righneas; agus ní baoghal dó
scáth a bheith air is cuma cad é an ball
contabharthach a mbeidh sé ann. Ar a leithéid
sin a bheadh mo sheasamh-sa lá an ghleoidh.



Cumann Bháire



Ba dhóigh liom féin gur bh'é rud do b'fhearr
do chumannaibh báire a dhéanamh i rith na bliadhna
nua so, 'ná fóirne ógánach a bhailiughadh chucha is
a mhúineadh dhóibh cionnus an báire d'imirt. Is
fuirist go leor é dhéanamh, mar cuiridh garsúin
ana-shuim i gcamán, agus luighfidís ar an
bhfoghlaim gan mhairg. Is mór an spórt bheith
ag féachaint ortha leis, gan trácht i n-aon chor
ar an móráil a bheadh ortha de chionn na ndaoine
fásta a bheith ag cur suim 'n-a mbeartaibh.



Gan bheith ar stad



Furmhór dár sean-laochraibh is eagal liom
go mór go mbíd ró-fhighte ionnta féin, is go
mb'fhearr leo an mála d'iomchur 'na príntíseach
d'fhágháil. Dá bhfanfadh an scéal mar sin
d'imtheochadh an chéird leo féin. Pé i nÉirinn
é, ní bh'é a leas bheith ar an ndul gcéadna i
gcomhnaidhe. Mara mbeidh sí ag teacht chun
cinn, is chun deiridh a raghaidh sí 'ndiaidh ar
ndiaidh.



Leigtear isteach iad



Do'n bháire atáim ag tagairt annso mar is é
is measa liom. Ní thabharfainn trumpa gan
teanga ar aon cheann eile d'bhur gcleasaibh
lúith. Acht ní féidir a shéanadh orainn féin go
bhfuil an bhail ar an mbáire mar bhadh chóir dó.
Leigtear isteach an t-aos óg, agus raghad-sa
i n-urradhas air go bhfeicfear a rian ar an
mbáire is ar Éirinn féin gan moill. Sin é
mo thuairim go háirithe, agus is dóigh liom go
bhfuil mór chuid de'n cheart agam.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services