Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tadhg a' tSiúnta
Title
Tadhg a' tSiúnta
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tadhg a' tSiúnta.* Mo dhá léir, arsa seana-Sheán Táilliúr, is ag Tadhg a' tSiúnta a bhí an Ghaedhilg, agus is air a bhí an fhoghlaim. Níor tháinig a leithéid ins na ceanntraibh seo le linn éinne. An chéad lá riamh a chonnac é chuir sé a súile dubha thríom agus badh dhóigh leat go ngeobhadh an ghaoth thré n-a chorp bhí sé chomh snuighte sin. Mar sin féin, bhí sé chomh lúth-sháltha le coin is chomh talmhaidhe le fear a bheadh dhá uair níos truime 'ná é. Labhair sé go muinnteardha linn, dubhairt linn béasa bheith againn fá mar a bhí 'gár seacht sinnsear romhainn. Dubhairt sé freisin gur thug Donnchadh droch-theist dó orainn acht nár chuir sé aon tusim sa méid sin. Tháinig cion agam féin air láithreach agus 'gá lán eile leis; d'éirigh deoir i súilíbh mhac Sheáin a' Chába le hathas is bhí 'dhá bholg súil ar Dhiarmaid Nóra is pus air le haghaidh goil. “Tá margadh agam le Donnch' Óg,” ars' an máighistir, “'sé sin go gcaithfear Béarla mhúin- eadh dhíbh-se. Caithfear an geall soin do choimh- líonadh, acht ní fhuil aon mhargadh agam leis gan pé nídh eile is maith liom a mhúineadh dhíbh chomh maith.” Bhí guth binn bog aige, is ní túisge bhí críochnuighthe aige 'ná gur áirigheamair Michil a' Cháille ag gáiridhe leis féin. Dailc fir do b'eadh Michil acht súire mar badh dhual dó. D'fhéach an máighistir air. “Gad é fáth do leamhgháiridhe a bhuachaill óig?” “Fút-sa, a shuracháin, toisg go gcuireann tú romhat an bob
do bhualadh ar Dhonnch' Óg.” Phreab móir- sheisear againn láithreach bonn chun breith ar sgórnaigh ar Mhichil. “Cuiridh uaibh,” arsa guth bog an mháighistir. D'fhéach sé go cruinn ar Mhichil. “Sin é an doras: bí amuigh!” “Tá 'fhios agam cé bheidh amuigh agus tríd an bhfuinn- eoig leis,” arsa Michil, ag déanamh air. D'éirigh- eamair de phreib arís. “Suidhidh mar a bhfuil agaibh.” ars' an guth bog arís, “is mise an máighistir annso.” Thug an bioránach Michil ruthag air, acht fá mar a chasfá téadán, lúb an máighistir i leath-taoibh is bhí leidhb buailte aige sa phluic dheis is leidhb eile sa phluic chlé ar Mhichil. Bhuail Michil cupla leadhb ar an bhfalla fá dhéin an mhaighistir acht bhí seisean annso anois agus thall ó chianibh agus é ag tiomáint Mhichil roimis amach chun an dorais gur sgeinn mo bhioránach thríd an ndoras fá dheireadh, agus bhain speach ó'n máighistir fuaim as a ghúnga. Chuireamair go léir i n-éinfheacht liúgh asainn. D'fhéach seisean anonn orainn gan gruaim “Ciúineas! Ciúineas!” adeir sé, “bíodh béasa sa sgoil seo, ní haonach atá againn!” Tharraing an máighistir chuige, an Belibukileye — an ceann céadna atá agat-sa anois, a Chonáin; ba le Mac Finghín Dubh é lá.” “Tá an donas air le deacaireacht, go háirithe,” arsa mise, rud a b'fhíor dom. 'Seadh, ní fearr riamh é, arsa seana-Sheán, acht fá mar adubhairt tharraing an máighistir chuige a leabhar filidheachta, d'iompuigh sé na billeoga ann ar feadh tamaill, stad sé annsoin, d'fhéach sé suas ar na frathachaibh agus i gcionn neomait sgríobh sé an focal “Dia” ar an gClár Dubh is an focal “God” fá n-a bhun. “Féachaidh ar an dá fhocal soin, beidh siad mar cheart-lár is bun-phréimh i n-ár réim foghlama. Cuirfimíd Béarla is Gaedhilg ar gach rud a chímíd annso istigh is ar gach rud a bhuailfidh linn amuigh, acht sul a dtosnóchamuid iompuigh- mís ar Dhia mar is é a ainm atá sgríobhtha os bhúr gcomhair,” is chrom Tadhg a' tSiúnta a ghlún is dubhairt ós árd paidir is cré. “Is mithid dúinne an rud céadna a rádh,” arsa Domhnall mac Sheáin Táilliúir, “mar tá glaoidh an choiligh ann is maidin Lae Nodlag againn.” “Is mithid, is dócha,” arsa mise, “acht badh mhaith liom a thuilleadh do chlos i dtaobh Thaidhg a' tSiúnta, is an Leabhar Crón.” Conán Maol. *Féach “Ar Sgoil a' Chuais,” i gClaidheamh na Nodlag.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services