Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tadhg a' tSiúnta

Title
Tadhg a' tSiúnta
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tadhg a' tSiúnta.*



Mo dhá léir, arsa seana-Sheán Táilliúr, is ag
Tadhg a' tSiúnta a bhí an Ghaedhilg, agus is air
a bhí an fhoghlaim. Níor tháinig a leithéid ins na
ceanntraibh seo le linn éinne. An chéad lá
riamh a chonnac é chuir sé a súile dubha thríom
agus badh dhóigh leat go ngeobhadh an ghaoth thré
n-a chorp bhí sé chomh snuighte sin. Mar sin
féin, bhí sé chomh lúth-sháltha le coin is chomh
talmhaidhe le fear a bheadh dhá uair níos truime
'ná é. Labhair sé go muinnteardha linn, dubhairt
linn béasa bheith againn fá mar a bhí 'gár seacht
sinnsear romhainn. Dubhairt sé freisin gur
thug Donnchadh droch-theist dó orainn acht nár
chuir sé aon tusim sa méid sin. Tháinig cion
agam féin air láithreach agus 'gá lán eile leis;
d'éirigh deoir i súilíbh mhac Sheáin a' Chába le
hathas is bhí 'dhá bholg súil ar Dhiarmaid Nóra is
pus air le haghaidh goil.



“Tá margadh agam le Donnch' Óg,” ars' an
máighistir, “'sé sin go gcaithfear Béarla mhúin-
eadh dhíbh-se. Caithfear an geall soin do choimh-
líonadh, acht ní fhuil aon mhargadh agam leis gan
pé nídh eile is maith liom a mhúineadh dhíbh chomh
maith.” Bhí guth binn bog aige, is ní túisge bhí
críochnuighthe aige 'ná gur áirigheamair Michil a'
Cháille ag gáiridhe leis féin. Dailc fir do
b'eadh Michil acht súire mar badh dhual dó.
D'fhéach an máighistir air. “Gad é fáth do
leamhgháiridhe a bhuachaill óig?” “Fút-sa, a
shuracháin, toisg go gcuireann tú romhat an bob


L. 07


do bhualadh ar Dhonnch' Óg.” Phreab móir-
sheisear againn láithreach bonn chun breith ar
sgórnaigh ar Mhichil. “Cuiridh uaibh,” arsa guth
bog an mháighistir. D'fhéach sé go cruinn ar
Mhichil. “Sin é an doras: bí amuigh!” “Tá
'fhios agam cé bheidh amuigh agus tríd an bhfuinn-
eoig leis,” arsa Michil, ag déanamh air. D'éirigh-
eamair de phreib arís. “Suidhidh mar a bhfuil
agaibh.” ars' an guth bog arís, “is mise an
máighistir annso.” Thug an bioránach Michil
ruthag air, acht fá mar a chasfá téadán, lúb an
máighistir i leath-taoibh is bhí leidhb buailte aige
sa phluic dheis is leidhb eile sa phluic chlé ar
Mhichil. Bhuail Michil cupla leadhb ar an bhfalla
fá dhéin an mhaighistir acht bhí seisean annso
anois agus thall ó chianibh agus é ag tiomáint
Mhichil roimis amach chun an dorais gur sgeinn
mo bhioránach thríd an ndoras fá dheireadh, agus
bhain speach ó'n máighistir fuaim as a ghúnga.
Chuireamair go léir i n-éinfheacht liúgh asainn.
D'fhéach seisean anonn orainn gan gruaim
“Ciúineas! Ciúineas!” adeir sé, “bíodh béasa
sa sgoil seo, ní haonach atá againn!”



Tharraing an máighistir chuige, an Belibukileye
— an ceann céadna atá agat-sa anois, a
Chonáin; ba le Mac Finghín Dubh é lá.”



“Tá an donas air le deacaireacht, go
háirithe,” arsa mise, rud a b'fhíor dom.



'Seadh, ní fearr riamh é, arsa seana-Sheán,
acht fá mar adubhairt tharraing an máighistir
chuige a leabhar filidheachta, d'iompuigh sé na
billeoga ann ar feadh tamaill, stad sé annsoin,
d'fhéach sé suas ar na frathachaibh agus i gcionn
neomait sgríobh sé an focal “Dia” ar an
gClár Dubh is an focal “God” fá n-a bhun.
“Féachaidh ar an dá fhocal soin, beidh siad mar
cheart-lár is bun-phréimh i n-ár réim foghlama.
Cuirfimíd Béarla is Gaedhilg ar gach rud a
chímíd annso istigh is ar gach rud a bhuailfidh
linn amuigh, acht sul a dtosnóchamuid iompuigh-
mís ar Dhia mar is é a ainm atá sgríobhtha os
bhúr gcomhair,” is chrom Tadhg a' tSiúnta a
ghlún is dubhairt ós árd paidir is cré.



“Is mithid dúinne an rud céadna a rádh,”
arsa Domhnall mac Sheáin Táilliúir, “mar tá
glaoidh an choiligh ann is maidin Lae Nodlag
againn.”



“Is mithid, is dócha,” arsa mise, “acht badh
mhaith liom a thuilleadh do chlos i dtaobh Thaidhg
a' tSiúnta, is an Leabhar Crón.”



Conán Maol.



*Féach “Ar Sgoil a' Chuais,” i gClaidheamh na Nodlag.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services