Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Sgoil a' Chuais
Title
Ar Sgoil a' Chuais
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Sgoil a' Chuais. Pádraig Ó Séagha (“Cónán Maol”) do sgríobh. Ruidín Gallda darbh' ainm Stevens an chéad mháighistir a bhí againn ag sgoil a' Chuais, arsa seana-Sheán, táilliúir liom, oidhche a chaitheas 'n-a theannta. Bhí seisean agus a mhac Domhnall go gnóthach ag críochnughadh bríste do Sheán Ruadh i gcomhair lae Nodlag. Ní raibh faic agam-sa le déanamh acht mé im' shuidhe ar mo leis agus píop im' bhéal ar shuidhistín cois na teineadh. Ní raibh Stevens ann led' linn-se, arsa seana-Sheán. Thug Donnchadh Óg nó a athair roimis cúl ar an gcreideamh, chuir sé an teampall Gallda soin thíos ar bun, agus sgoil len' ais, agus ó b'é an máighistir talmhan Donnchadh, ní gábhadh dhom a rádh nár mhaith an mhaise do mhuinntir na ngleann gan rud a dhéanamh air. Chuir sé i n-umhail dóibh go mbeadh sgolaidheacht 'gá gcloinn agus tabhairt suas ortha feasta agus bhíomair 'n-ár sgataíbh ag baint na sál dá chéile ag pulcadh isteach sa sgoil sin. Bhí aosánaigh a chúig mbliadhan déag ann, is ógánaigh a chúig mbliadhan fichead, agus do b'ait an dream sinn. Is maith is cuimhin liom an chéad lá a tháinig Stevens. Ní raibh focal Gaedhilge 'n-a phluic, ná focal Béarla againne. Bhíomair go léir suidhte ar fhuar- maíbh an mhaidin a bhuail sé isteach chugh- ainn. D'fhéach sé ó cheann go ceann againn agus ní misde 'rádh 'ná gur fhéachamair air-sean go cruinn. Chuir sé aigheas ar thriúr nó ceathrar againn acht ní raibh gíog asainn mar nár thuigeamair focal. Rug sé ar a hata is bhuail sé amach leis féin. Phreab Pilib' a' Chuincín chun na fuinneoige. “Dar fiadh!” ar seisean, “tá sé im- thighthe.” “Imtheacht gan teacht air,” arsa Diarmaid Nóra, ag druidim amach fá'n urlár agus 'gá shocrughadh féin chun cleas. Bramach fir do b'eadh Diarmaid. Bhí sé chomh láidir le hasal, acht amháin go raibh sé aimilighthe. Is dócha gur bh'é an fear ba threise ar sgoil é, acht amháin fá mar adubhart, ná raibh sé lúthmhar ná cruinn 'n-a bhallaibh. Tharraing sé ciorcaill leis an gcailc 'n-a thimcheall féin ar an urlár. Rug sé ar luirg fuinnseoige bhí cois an fhalla. D'fháisg sé i gcoinnibh a ghlún í. “Tá sí seo righin, cé go bhfuil sí beagán caol, agus cuirfead ceathramha thobac ná fuil fear sa sgoil seo árdóchaidh mé.” “Bíodh 'n-a gheall,” arsa cúigear nó seis- ear aca. Siúd Pilib a' Chuincín ar aghaidh Dhiarmada amach. Bhuaileadar bonn a dhá gcos i gcoinn- ibh a chéile. Bhuail fear eile an luirg díreach os cionn ladhracha a gcos. “Beiridh araon ar mheadhon uirthi, agus ná tarraingidh go dtugad-sa an rabhadh. Anois!” Tharraing Diarmaid chuige an fear eile go haosáideach, agus ghnídh sé an rud céadna le ceathrar aca diaidh ar ndiaidh. Bhain sé searra as féin annsoin. Is annamh a chímíd cleas an mhaide anois agus is mór an truaigh, mar ní fhuil cleas eile le fágháil, is fearr 'ná é chun feithleoga an droma, na gcos, is na ngéag do mheas. Acht go háirithe, bhí Séamus Sheáin a' Chába ag faire ortha. Buachaill óg i n-aois a ocht mbliadhan déag do b'eadh é agus níor airigheas im' shiubhaltaibh buachaill ba dhathamhla is ba chumasaighe 'ná é. “Raghad-sa leat, a Dhiarmaid,” ar seisean. “Taoi ró-óg,” arsa Diarmaid — ní dóigh liom gur réidhtigh a mhuinntir le chéile go maith. “Ná bac soin de,” arsa Séamus. Bhí an tarraing chomh docht is an greim chomh dlúth gur chnag an luirg is gur caitheadh an bheirt fhear as a suidhe siar ar phleasg a ndroma. Bhíomair go léir ar ár mbairicínibh agus ar na fuarmaíbh ag faire ortha agus le n-a linn sin bhuail an máighistir is Donnch' Óg an doras isteach. Lúb fabhraidhe an mháighis- tir. “Bíonn an óige ar buile,” arsa Donnchadh, agus labhair sé go mín linn; d'aistrigh sé ár n-ainmneacha do'n mháighistir, thug sé comhairle dheas dúinn, dubhairt sé linn rud a dhéanamh ar an máighistir, is Béarla d'fhoghlaim uaidh is ná feicimís lá bocht go deo. Chuir an méid sin sainnt orainn chun na foghlama agus nuair a chrom an máighistir ar “a-b, ab; c-a-t, cat; d-o-g, dog,” do rádh chromamair go léir ar aithris air i n-éinfheacht, agus níor chualaís riamh acht an gheoin is an uaill a bhí againn. Bhí ciachán ar ár leath le racht liúghraigh. Sgaoil sé uaidh sinn i gcionn tamaill mar is dócha go rabhamair ag cur na hallaoire air. Thángamair arís lá'r n-a bháireach agus ní túisge bhíomair suidhte agus an máighistir os ár gcomhair 'ná gur chromamair ar ualfhart- aigh cheacht an lae 'ndé. “Silence” ars' an máighistir, de ghuth árd, agus d'árduigheamair ár nguth mar cheapamair go raibh sé 'ár ngríosacht. Bhuail sé a bhos ar a bhéal, ghnídh- eamair mar an gcéadna agus liúghamair tré n-ár méireannaibh. Rith an máighistir anonn chun Diarmaid Nóra, agus bhuail sé bos ar a bhéal. “Ná múch mé,” arsa Diarmaid de gheit, ag stealladh an mháighistir amach uaidh. Do dhuibh is do dhearg ar an máighistir. “Assault! — assault!” ar seisean. D'éirigh Diarmaid 'n-a shuidhe agus pus air: “Ní gábhadh dhuit ‘asal’ a ghlaodhach orm-sa, agus ní fhuilngeochad uait é acht chomh beag!” Chuir an máighistir colg air féin is shín a mhéar chum an chúinne; d'fhéach Diarmaid ar an méir is ar an gcúinne. Bhuail an máighis- tir anonn chum an chúinne is bhagair sé i leith ar Dhiarmaid. Lean Diarmaid é. “Kneel,” ars' an máighistir. “Ní fhuil,” arsa Diarmaid, ag féachaint air go fiafruigheach. Chuir an máighistir lámh ar ghlúin Dhiarmada is lámh eile ar a iosgaid ag iarraidh a chosa do lúbadh. “Ní fhuil aon mháchaill ar na glúiníbh sin, a mhic ó,” ars' an fear eile. Fá dheireadh chaith an máighistir é féin ar a ghlúinibh is d'fhéach sé siar ar Dhiarmaid. “Aililiú!” arsa Diarmaid bocht, “tuigim anois thu — ‘ní fhuil’ — is fíor dhuit, ní fhuil mo phaidreacha ráidhte agam fós, go maithidh Dia dhom é; dhearmhadar iad ag cuimhneamh ar an fhoghlaim!” agus tharraing sé chuige a phaidrín, thug sé aghaidh ar an bhfalla agus seo ag rádh a chróinneach é go dúthrachtach. Bhí sé annsúd faid a bhí an máighistir ag sgríobhadh focal mbeag ar chlár dubh agus ag déanamh cómh- arthaí sórt chughainne na focail a rádh 'n-a dhiaidh. Is dócha go rabhamair ag cur Dhiarmada amugha mar bhíodh sé ag unfhairt agus ag cur méar 'n-a chluasaibh anois is arís, acht fá dheireadh chrom sé síos ar a uilleannaibh ar an urláir. D'fhéachas féin anonn air; bhí a mhasa reamhra ag brughadh a bhríste amach, agus pé rud a thárluigh dom shleamhnuigheas go cúth- aileach amach feadh an fhuarma agus ropas biorán 'n-a thaobh thiar! A Chríostaidhthe, an bhúithreadh chuir sé as, bhainfeadh sé preab as mharbh. Léim sé 'n-a shuidhe agus faobhar 'n-a radharc. Leath an mháighistir a shúile le hion- gantas is nuair d'fhéach sé go cruinn ar Dhiarmaid badh dhóigh leat gur sprid a chon- naic sé. Ar neomait las a ghnúis is chogain is ghíosg sé a fhiacla, agus cé nár thuigeas an chainnt bhí sí ag teacht 'n-a sgreadaíbh. Sgiob sé an paidrín as láimh Dhiarmada, strac sé as a chéile é, thuit cuid de sna clochaibh ar an urlár is chrom sé ar phramsáil ortha, agus steall sé a raibh aige 'n-a dhorn aca amach fá'n mbán. Bhíomair go léir, nídh nach iongnadh, ag cur na súl thríd, is Diarmaid féin is a bhéal ar leathadh chomh meathta linn. D'éirigh Séamus Sheáin a' Chába is dath croidhearg air. “Gad é an mhaitheas tú i n-aon-chor, a Dhiarmaid Nóra?” ar seisean ag preabadh amach thar an bhfuarma. Dhúisigh an méid sin Diarmaid, chuir sé crúca i Stevens, thug sé casadh dhó, rug sé ar bhónna-cúil is ar phrímpín air, is chaith sé amach an fhuinneog é fá mar a chaithfeá gabháil fhéir. Ritheamair chum an dorais acht bhí Séamus ann romhainn is a dhá dhorn dúnta aige. “Go réidh,” ar seisean; “ná múchaidh a chéile,” agus dhruideamair amach ceann ar ceann is níor stad mac máthar againn gur bhaineamair an baile amach. “Cad d'imthigh ar Stevens?” adeirim-se. An riabhach a bh'fheadar. Is dócha gur leonadh é is gur leighis Donnchadh é is gur cuireadh chun siubhail é go háit éigin eile. Comhrádh naoi lá do b'eadh é, acht mhachtnuigh na daoine go raibh fuadar éigin fá Dhonnchadh agus aidhm aige ar a gcreideamh. Mar sin féin, chuir sé 'fhios ortha arís, agus bhí cainnt is comhrádh eatortha go minic i dtaobh an ghnótha. Bhíos féin ró-óg chun a thuigsint, acht pé 'nÉirinn é i gcionn leath-bhliadhna tháinig Tadhg a' tSiúnta chughainn agus fosgladh sgoil a' Chuais arís. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services