Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Sgoil a' Chuais

Teideal
Ar Sgoil a' Chuais
Údar
Conán Maol,
Ainm Cleite
Conán Maol
Dáta cumtha
1907
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar Sgoil a' Chuais.



Pádraig Ó Séagha



(“Cónán Maol”)
do sgríobh.



Ruidín Gallda darbh' ainm Stevens an chéad
mháighistir a bhí againn ag sgoil a' Chuais, arsa
seana-Sheán, táilliúir liom, oidhche a chaitheas
'n-a theannta. Bhí seisean agus a mhac Domhnall
go gnóthach ag críochnughadh bríste do Sheán
Ruadh i gcomhair lae Nodlag. Ní raibh faic
agam-sa le déanamh acht mé im' shuidhe ar mo
leis agus píop im' bhéal ar shuidhistín cois na
teineadh.



Ní raibh Stevens ann led' linn-se, arsa
seana-Sheán. Thug Donnchadh Óg nó a athair
roimis cúl ar an gcreideamh, chuir sé an
teampall Gallda soin thíos ar bun, agus
sgoil len' ais, agus ó b'é an máighistir talmhan
Donnchadh, ní gábhadh dhom a rádh nár mhaith an
mhaise do mhuinntir na ngleann gan rud a
dhéanamh air. Chuir sé i n-umhail dóibh go
mbeadh sgolaidheacht 'gá gcloinn agus tabhairt
suas ortha feasta agus bhíomair 'n-ár sgataíbh
ag baint na sál dá chéile ag pulcadh isteach
sa sgoil sin.



Bhí aosánaigh a chúig mbliadhan déag ann, is
ógánaigh a chúig mbliadhan fichead, agus do
b'ait an dream sinn. Is maith is cuimhin
liom an chéad lá a tháinig Stevens. Ní raibh
focal Gaedhilge 'n-a phluic, ná focal Béarla
againne. Bhíomair go léir suidhte ar fhuar-
maíbh an mhaidin a bhuail sé isteach chugh-
ainn. D'fhéach sé ó cheann go ceann againn
agus ní misde 'rádh 'ná gur fhéachamair
air-sean go cruinn. Chuir sé aigheas ar
thriúr nó ceathrar againn acht ní raibh gíog
asainn mar nár thuigeamair focal. Rug sé
ar a hata is bhuail sé amach leis féin.



Phreab Pilib' a' Chuincín chun na fuinneoige.



“Dar fiadh!” ar seisean, “tá sé im-
thighthe.”



“Imtheacht gan teacht air,” arsa Diarmaid
Nóra, ag druidim amach fá'n urlár agus 'gá
shocrughadh féin chun cleas. Bramach fir do
b'eadh Diarmaid. Bhí sé chomh láidir le hasal,
acht amháin go raibh sé aimilighthe. Is dócha gur
bh'é an fear ba threise ar sgoil é, acht amháin
fá mar adubhart, ná raibh sé lúthmhar ná cruinn
'n-a bhallaibh. Tharraing sé ciorcaill leis an
gcailc 'n-a thimcheall féin ar an urlár. Rug
sé ar luirg fuinnseoige bhí cois an fhalla.
D'fháisg sé i gcoinnibh a ghlún í.



“Tá sí seo righin, cé go bhfuil sí beagán
caol, agus cuirfead ceathramha thobac ná
fuil fear sa sgoil seo árdóchaidh mé.”



“Bíodh 'n-a gheall,” arsa cúigear nó seis-
ear aca.



Siúd Pilib a' Chuincín ar aghaidh Dhiarmada
amach. Bhuaileadar bonn a dhá gcos i gcoinn-
ibh a chéile. Bhuail fear eile an luirg díreach
os cionn ladhracha a gcos.



“Beiridh araon ar mheadhon uirthi, agus ná
tarraingidh go dtugad-sa an rabhadh. Anois!”
Tharraing Diarmaid chuige an fear eile go
haosáideach, agus ghnídh sé an rud céadna le
ceathrar aca diaidh ar ndiaidh. Bhain sé searra
as féin annsoin.



Is annamh a chímíd cleas an mhaide anois
agus is mór an truaigh, mar ní fhuil cleas
eile le fágháil, is fearr 'ná é chun feithleoga
an droma, na gcos, is na ngéag do mheas.
Acht go háirithe, bhí Séamus Sheáin a' Chába ag
faire ortha. Buachaill óg i n-aois a ocht
mbliadhan déag do b'eadh é agus níor airigheas
im' shiubhaltaibh buachaill ba dhathamhla is ba
chumasaighe 'ná é.



“Raghad-sa leat, a Dhiarmaid,” ar seisean.



“Taoi ró-óg,” arsa Diarmaid — ní dóigh
liom gur réidhtigh a mhuinntir le chéile go
maith.



“Ná bac soin de,” arsa Séamus.



Bhí an tarraing chomh docht is an greim chomh
dlúth gur chnag an luirg is gur caitheadh an
bheirt fhear as a suidhe siar ar phleasg a
ndroma. Bhíomair go léir ar ár mbairicínibh
agus ar na fuarmaíbh ag faire ortha agus le
n-a linn sin bhuail an máighistir is Donnch' Óg
an doras isteach. Lúb fabhraidhe an mháighis-
tir. “Bíonn an óige ar buile,” arsa Donnchadh,
agus labhair sé go mín linn; d'aistrigh sé ár
n-ainmneacha do'n mháighistir, thug sé comhairle
dheas dúinn, dubhairt sé linn rud a dhéanamh
ar an máighistir, is Béarla d'fhoghlaim uaidh
is ná feicimís lá bocht go deo.



Chuir an méid sin sainnt orainn chun na
foghlama agus nuair a chrom an máighistir ar
“a-b, ab; c-a-t, cat; d-o-g, dog,” do rádh
chromamair go léir ar aithris air i n-éinfheacht,
agus níor chualaís riamh acht an gheoin is an
uaill a bhí againn. Bhí ciachán ar ár leath le
racht liúghraigh. Sgaoil sé uaidh sinn i gcionn
tamaill mar is dócha go rabhamair ag cur na
hallaoire air.



Thángamair arís lá'r n-a bháireach agus ní
túisge bhíomair suidhte agus an máighistir os
ár gcomhair 'ná gur chromamair ar ualfhart-
aigh cheacht an lae 'ndé. “Silence” ars' an
máighistir, de ghuth árd, agus d'árduigheamair
ár nguth mar cheapamair go raibh sé 'ár
ngríosacht. Bhuail sé a bhos ar a bhéal, ghnídh-
eamair mar an gcéadna agus liúghamair tré
n-ár méireannaibh. Rith an máighistir anonn
chun Diarmaid Nóra, agus bhuail sé bos ar a
bhéal.



“Ná múch mé,” arsa Diarmaid de gheit,
ag stealladh an mháighistir amach uaidh. Do
dhuibh is do dhearg ar an máighistir.



“Assault! — assault!” ar seisean.



D'éirigh Diarmaid 'n-a shuidhe agus pus air:
“Ní gábhadh dhuit ‘asal’ a ghlaodhach orm-sa,
agus ní fhuilngeochad uait é acht chomh beag!”



Chuir an máighistir colg air féin is shín a
mhéar chum an chúinne; d'fhéach Diarmaid ar
an méir is ar an gcúinne. Bhuail an máighis-
tir anonn chum an chúinne is bhagair sé i leith
ar Dhiarmaid. Lean Diarmaid é.



“Kneel,” ars' an máighistir.



“Ní fhuil,” arsa Diarmaid, ag féachaint air
go fiafruigheach. Chuir an máighistir lámh ar
ghlúin Dhiarmada is lámh eile ar a iosgaid ag
iarraidh a chosa do lúbadh.



“Ní fhuil aon mháchaill ar na glúiníbh sin, a
mhic ó,” ars' an fear eile. Fá dheireadh chaith
an máighistir é féin ar a ghlúinibh is d'fhéach sé
siar ar Dhiarmaid.



“Aililiú!” arsa Diarmaid bocht, “tuigim
anois thu — ‘ní fhuil’ — is fíor dhuit, ní fhuil mo
phaidreacha ráidhte agam fós, go maithidh Dia
dhom é; dhearmhadar iad ag cuimhneamh ar an
fhoghlaim!” agus tharraing sé chuige a phaidrín,
thug sé aghaidh ar an bhfalla agus seo ag rádh
a chróinneach é go dúthrachtach. Bhí sé annsúd
faid a bhí an máighistir ag sgríobhadh focal
mbeag ar chlár dubh agus ag déanamh cómh-
arthaí sórt chughainne na focail a rádh 'n-a
dhiaidh.



Is dócha go rabhamair ag cur Dhiarmada
amugha mar bhíodh sé ag unfhairt agus ag cur
méar 'n-a chluasaibh anois is arís, acht fá
dheireadh chrom sé síos ar a uilleannaibh ar an
urláir. D'fhéachas féin anonn air; bhí a mhasa
reamhra ag brughadh a bhríste amach, agus pé
rud a thárluigh dom shleamhnuigheas go cúth-
aileach amach feadh an fhuarma agus ropas
biorán 'n-a thaobh thiar! A Chríostaidhthe, an
bhúithreadh chuir sé as, bhainfeadh sé preab as
mharbh. Léim sé 'n-a shuidhe agus faobhar 'n-a
radharc. Leath an mháighistir a shúile le hion-
gantas is nuair d'fhéach sé go cruinn ar
Dhiarmaid badh dhóigh leat gur sprid a chon-
naic sé. Ar neomait las a ghnúis is chogain
is ghíosg sé a fhiacla, agus cé nár thuigeas an
chainnt bhí sí ag teacht 'n-a sgreadaíbh. Sgiob
sé an paidrín as láimh Dhiarmada, strac sé
as a chéile é, thuit cuid de sna clochaibh ar an
urlár is chrom sé ar phramsáil ortha, agus
steall sé a raibh aige 'n-a dhorn aca amach
fá'n mbán. Bhíomair go léir, nídh nach
iongnadh, ag cur na súl thríd, is Diarmaid
féin is a bhéal ar leathadh chomh meathta linn.
D'éirigh Séamus Sheáin a' Chába is dath
croidhearg air.



“Gad é an mhaitheas tú i n-aon-chor, a
Dhiarmaid Nóra?” ar seisean ag preabadh
amach thar an bhfuarma. Dhúisigh an méid sin
Diarmaid, chuir sé crúca i Stevens, thug sé
casadh dhó, rug sé ar bhónna-cúil is ar
phrímpín air, is chaith sé amach an fhuinneog é
fá mar a chaithfeá gabháil fhéir. Ritheamair
chum an dorais acht bhí Séamus ann romhainn
is a dhá dhorn dúnta aige.



“Go réidh,” ar seisean; “ná múchaidh a
chéile,” agus dhruideamair amach ceann ar
ceann is níor stad mac máthar againn gur
bhaineamair an baile amach.



“Cad d'imthigh ar Stevens?” adeirim-se.



An riabhach a bh'fheadar. Is dócha gur leonadh
é is gur leighis Donnchadh é is gur cuireadh
chun siubhail é go háit éigin eile.



Comhrádh naoi lá do b'eadh é, acht mhachtnuigh
na daoine go raibh fuadar éigin fá Dhonnchadh
agus aidhm aige ar a gcreideamh. Mar sin
féin, chuir sé 'fhios ortha arís, agus bhí cainnt
is comhrádh eatortha go minic i dtaobh an
ghnótha. Bhíos féin ró-óg chun a thuigsint, acht
pé 'nÉirinn é i gcionn leath-bhliadhna tháinig
Tadhg a' tSiúnta chughainn agus fosgladh
sgoil a' Chuais arís.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services