Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Báire ag An nDíon
Title
Ar Faithche na hImeartha - Báire ag An nDíon
Author(s)
Ó Muirgheasa, Séamus,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Báire ag An nDíon Do bhuaidh na Fágaigh ar fhuirinn Chúchulainn i mbáire a bhí eatortha ag an nDíon Dia Domh- naigh. Cheapas go bhfeicfinn ann imirt nísa bhfearr 'ná mar bhí ann. Shamhluigheas ar chuma éigin ná raibh a gcroidhe san obair ag aon taobh aca. Ní raibh anam ná sprid san imirt. Uireasbha taithighe Sa tarna bobhta dhein fuireann Chúchulainn iarracht nó dhó ar an leathar a bhualadh mar badh chóir acht níor éirigh leo puinn a dhéanamh. Go deimhin, chun na fírinne d'innsint, is mó de dheallramh oibre a bhí ortha-san 'ná mar bhí ar an bhfuirinn eile. Is baoghal liom ná fuil taithighe agá bhfuirinn ar bhualadh as a chéile. Nuair a chuireann tú an liathróid uait níor mhiste dhuit tuairim a bheith agat den áit i raghaidh sí. Bhí an cúl báire ar fheabhus aca, ámh, agus níor bh'olc é an duine a bhí ar a bhéalaibh. Cá bhfuil an Ghaedhilg? Bhí Mac Cormaic i n-easnamh ar na Fágaigh. B'fhéidir gurab é sin an fáth nár oibrigheadar chomh dian 'ná chomh misneamhail is ba ghnáth leo. Ba ghreannmhar liom-sa scriosaire d'fhear ghroidhe láidir 'n-a sheasamh i leathtaoibh na láithreach agus é ag léigheamh amach mar seo: “Can't ye play the ball, lads;” agus arís: “Look! 'tis looking at the ball they are instead of playing it.” Badh chóir nár ghábhadh bheith ag truaigínteacht leo ar an gcuma soin. Níor bh'iongnadh liom-sa dá gcloisinn fó-fhocal de'n Ghaedhilg ag gach fuir- inn báire. Is mithid a bheith ag súil leis. Craobh Átha Cliath Ag Bóthar Mhic Seoin, Dia Domhnaigh, do fearadh dhá cheann sna hiomaidheachtaibh i gcóir chraobh Chonntae Bhaile Átha Cliath. Do bhuaidh na Commercials ar na Rábairíbh san mbáire; agus bhuaidh na Ciceamaigh ar na “Gearaltaigh” sa pheil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services