Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Báire ag An nDíon

Title
Ar Faithche na hImeartha - Báire ag An nDíon
Author(s)
Ó Muirgheasa, Séamus,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Báire ag An nDíon



Do bhuaidh na Fágaigh ar fhuirinn Chúchulainn
i mbáire a bhí eatortha ag an nDíon Dia Domh-
naigh. Cheapas go bhfeicfinn ann imirt nísa
bhfearr 'ná mar bhí ann. Shamhluigheas ar chuma
éigin ná raibh a gcroidhe san obair ag aon
taobh aca. Ní raibh anam ná sprid san imirt.



Uireasbha taithighe



Sa tarna bobhta dhein fuireann Chúchulainn
iarracht nó dhó ar an leathar a bhualadh mar
badh chóir acht níor éirigh leo puinn a dhéanamh.
Go deimhin, chun na fírinne d'innsint, is mó
de dheallramh oibre a bhí ortha-san 'ná mar bhí
ar an bhfuirinn eile. Is baoghal liom ná fuil
taithighe agá bhfuirinn ar bhualadh as a chéile.
Nuair a chuireann tú an liathróid uait níor
mhiste dhuit tuairim a bheith agat den áit
i raghaidh sí. Bhí an cúl báire ar fheabhus aca,
ámh, agus níor bh'olc é an duine a bhí ar a
bhéalaibh.



Cá bhfuil an Ghaedhilg?



Bhí Mac Cormaic i n-easnamh ar na Fágaigh.
B'fhéidir gurab é sin an fáth nár oibrigheadar
chomh dian 'ná chomh misneamhail is ba ghnáth
leo. Ba ghreannmhar liom-sa scriosaire
d'fhear ghroidhe láidir 'n-a sheasamh i leathtaoibh
na láithreach agus é ag léigheamh amach mar
seo: “Can't ye play the ball, lads;” agus
arís: “Look! 'tis looking at the ball they
are instead of playing it.” Badh chóir nár
ghábhadh bheith ag truaigínteacht leo ar an
gcuma soin. Níor bh'iongnadh liom-sa dá
gcloisinn fó-fhocal de'n Ghaedhilg ag gach fuir-
inn báire. Is mithid a bheith ag súil leis.



Craobh Átha Cliath



Ag Bóthar Mhic Seoin, Dia Domhnaigh, do
fearadh dhá cheann sna hiomaidheachtaibh i
gcóir chraobh Chonntae Bhaile Átha Cliath. Do
bhuaidh na Commercials ar na Rábairíbh san
mbáire; agus bhuaidh na Ciceamaigh ar na
“Gearaltaigh” sa pheil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services