Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí Gnótha
Title
Cúrsaí Gnótha
Author(s)
Ó Muirgheasa, Séamus,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí Gnótha Tá daoine ann agus ní féidir a chur 'n-a luighe ortha ná bímíd ag magadh nuair a iarramaoid déantús na hÉireann. Is deacair dá lán a chreideamhaint go bhfuil a leithéidí ann anois tar éis a bhfuil déanta de chainnt agus de cheol agus d'fhothram i dtaoibh déantús. An té a leigfidh i ndearmad air féin go bhfuil, bainfear geit as lá éigin, agus má bhaintear, tá súil agam go ndéanfaidh sé maitheas dó. Duine dem' cháirdibh go raibh caipín uaidh tá breis is seachtmhain ó shoin. Isteach leis go dtí an siopa ba ghiorra dhó agus chuir i n-umhail do'n ógmhnaoi chneasta a bhí leath 'stigh de'n chúnntar cad a bhí uaidh. “Caipíní atá uait, an eadh?” ar sí. “Tá gach saghas caipín le fágháil againn annso,” agus fé mbeadh a ceathar comhairighthe agat bhí an cúnntar lán de chaipíníbh go raibh gach aon dath agus gach aon déanamh ortha. Ní raibh an “feirc” céadna ar an dara ceann aca. Chuaidh sé tríotha acht má chuaidh ní fhaca sé aon cheann de dhéantús na hÉireann 'n-a measg. D'fhiafruigh sé an raibh a leithéid aca agus 'sé an freagra fuair sé 'ná “Do you think we are Irish mad too?”!! Amach leis go siopa eile agus chuir sé a ghnó i n-umhail do'n mhnaoi freastail. “An caipíní Gallda nó Gaedhealacha ata uait?” ar sí. Ní gábhadh dhom a rádh 'dé'n freagra a fuair sí. Rug sí beart caipíní léithí agus leath sí ar an gcúnntar iad. Bhí sgríobhtha ar an dtaobh istigh de gach ceann aca. Níor leor so de dheimhin dom' ógánach chrosta gur dheineadh i nÉirinn iad. “Tabhair dhom ainm an té do dhein iad,” ar sé, “nó tabhair deimhniughadh sgríbhte dom agus ceannóchad ceann.” “Nach leor mar fhaidhnuise gur dheineadh i nÉirinn iad na focail ata sgríbhte taoibh istigh díobh?” ars' an óigbhean. “B'fhéidir gur leor d'amadán é,” ar sé léithi, “acht ní leor domh-sa é. Má's déantús Gaedh- ealach iad, 'dé chiall ná fuil an Comhartha Déantúis ortha?” “Is dóigh,” ar an cailín, “go bhfuil uait féachaint ar an bpáipéar innste.” Amach leis. Seo ceist anois. Dá gceannóchadh mo chara ceann de na cáipíníbh sin agus go dtuitfeadh amach 'n-a dhiaidh sin gur dheineadh tar leár é, an bhféadfadh sé an dlighe a chur ar an bhfear a dhíol é? Agus an raghadh an dlighe i bhfeidhm air? Má deineadh na caipíní i nÉirinn, cé an fáth gur dhiúltuigh an fear siopa ainm an déantóra d'innsint dó? Agus an déantóir a dhein iad, ná baineann sé le deallramh go gcuirfeadh sé a ainm ortha? Séamus Ó Muirgheasa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services