Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí Gnótha

Title
Cúrsaí Gnótha
Author(s)
Ó Muirgheasa, Séamus,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí Gnótha



Tá daoine ann agus ní féidir a chur 'n-a
luighe ortha ná bímíd ag magadh nuair a
iarramaoid déantús na hÉireann. Is
deacair dá lán a chreideamhaint go bhfuil a
leithéidí ann anois tar éis a bhfuil déanta de
chainnt agus de cheol agus d'fhothram i dtaoibh
déantús. An té a leigfidh i ndearmad air
féin go bhfuil, bainfear geit as lá éigin, agus
má bhaintear, tá súil agam go ndéanfaidh sé
maitheas dó.



Duine dem' cháirdibh go raibh caipín uaidh
tá breis is seachtmhain ó shoin. Isteach leis
go dtí an siopa ba ghiorra dhó agus chuir
i n-umhail do'n ógmhnaoi chneasta a bhí leath
'stigh de'n chúnntar cad a bhí uaidh. “Caipíní
atá uait, an eadh?” ar sí. “Tá gach saghas
caipín le fágháil againn annso,” agus fé mbeadh
a ceathar comhairighthe agat bhí an cúnntar lán
de chaipíníbh go raibh gach aon dath agus gach
aon déanamh ortha. Ní raibh an “feirc”
céadna ar an dara ceann aca. Chuaidh sé
tríotha acht má chuaidh ní fhaca sé aon cheann de
dhéantús na hÉireann 'n-a measg. D'fhiafruigh
sé an raibh a leithéid aca agus 'sé an freagra
fuair sé 'ná “Do you think we are Irish
mad too?”!!



Amach leis go siopa eile agus chuir sé a
ghnó i n-umhail do'n mhnaoi freastail. “An
caipíní Gallda nó Gaedhealacha ata uait?”
ar sí. Ní gábhadh dhom a rádh 'dé'n freagra a
fuair sí. Rug sí beart caipíní léithí agus leath
sí ar an gcúnntar iad. Bhí sgríobhtha ar an
dtaobh istigh de gach ceann aca.



Níor leor so de dheimhin dom' ógánach
chrosta gur dheineadh i nÉirinn iad. “Tabhair
dhom ainm an té do dhein iad,” ar sé, “nó tabhair
deimhniughadh sgríbhte dom agus ceannóchad
ceann.” “Nach leor mar fhaidhnuise gur
dheineadh i nÉirinn iad na focail ata sgríbhte
taoibh istigh díobh?” ars' an óigbhean.
“B'fhéidir gur leor d'amadán é,” ar sé léithi,
“acht ní leor domh-sa é. Má's déantús Gaedh-
ealach iad, 'dé chiall ná fuil an Comhartha
Déantúis ortha?” “Is dóigh,” ar an cailín,
“go bhfuil uait féachaint ar an bpáipéar
innste.” Amach leis.



Seo ceist anois. Dá gceannóchadh mo chara
ceann de na cáipíníbh sin agus go dtuitfeadh
amach 'n-a dhiaidh sin gur dheineadh tar leár é,
an bhféadfadh sé an dlighe a chur ar an bhfear a
dhíol é? Agus an raghadh an dlighe i bhfeidhm
air? Má deineadh na caipíní i nÉirinn, cé
an fáth gur dhiúltuigh an fear siopa ainm an
déantóra d'innsint dó? Agus an déantóir
a dhein iad, ná baineann sé le deallramh go
gcuirfeadh sé a ainm ortha?



Séamus Ó Muirgheasa.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services