Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh
Title
Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Corn an Chrócaigh Chuir an bháisteach an cadhp báis ar an imirt ag Tiobraid Árann Dia Domhnaigh. Comórtas peile idir Chiarraighe is Bhaile Átha Cliath a bhí ann, agus do b'é an chluiche deiridh é i gcomhair Chorn an Chrócaigh. Bhí an clagar ag túirlint 'n-a thuile i gcaitheamh an chluiche. Idir an bháistigh is an phludaigh, do saluigheadh is do dathuigheadh an lucht imeartha ar chuma nárbh' fhéidir iad d'aithint ó chéile i ndeireadh na dála. 'Na dhiaidh-san is uile do deineadh obair mhaith ann, acht má deineadh ba i n-éag- muis aicillidheachta is beartaidheacht i n-áirde do deineadh é. An Imirt Do thuirling i bhfabhar Bhaile Átha Cliath, acht chomh luath is do caitheadh isteach, do rug na Ciarraighigh ar an leathar. Theip an ruag ortha, ámh. Bhí an liathróid i bhfearannaibh na mBleáth- cliach ar feadh fhurmhór de'n chéad leath-chluiche agus ní bhfuaireadar acht puinte amháin i gcoinnibh a dó is a ceathair a bhí curtha síos ag muinntir Chiarraighe. I gcaitheamh an tarna leath-chluiche do chonncathas imirt ana-dhian. Bhí locháin uisce scaipithe thall is i bhfus ar fuaid na láithreach is ba mhór an cosc ar na fearaibh iad. Bhíodh na fir ag rith ionnta agus an t-uisce ag léimridh ortha agus á bhfliuchadh is dá ndalladh. Seo mar bhí an scór i ndeir- eadh na dála: Ciarraighe 2-5; Áth Cliath 0-4. Mac Dhubháin ó Thiobrad Árann a bhí 'n-a cheann ar an gcluiche. Timcheall Bhaile Átha Cliath Níor deineadh puinn timcheall Bhaile Átha Cliath Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn. Ní raibh an uain oireamhnach. Mara ngealfaidh beagán is baoghlach go mbeifear chun deiridh i mbliadhna arís. Seo roinnt táillí báire: Ciceamaigh (sóisir) 0-9; Caoimhghínigh 0-4; Lusca 2-9; Eimitigh 1-5; Duibhrigh, buaidh i n-aiscidh ó Ráith Ó Máine. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services