Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh

Title
Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Corn an Chrócaigh



Chuir an bháisteach an cadhp báis ar an imirt
ag Tiobraid Árann Dia Domhnaigh. Comórtas
peile idir Chiarraighe is Bhaile Átha Cliath a bhí
ann, agus do b'é an chluiche deiridh é i gcomhair
Chorn an Chrócaigh. Bhí an clagar ag túirlint
'n-a thuile i gcaitheamh an chluiche. Idir an
bháistigh is an phludaigh, do saluigheadh is do
dathuigheadh an lucht imeartha ar chuma nárbh'
fhéidir iad d'aithint ó chéile i ndeireadh na
dála. 'Na dhiaidh-san is uile do deineadh
obair mhaith ann, acht má deineadh ba i n-éag-
muis aicillidheachta is beartaidheacht i n-áirde
do deineadh é.



An Imirt



Do thuirling i bhfabhar Bhaile Átha Cliath, acht
chomh luath is do caitheadh isteach, do rug na
Ciarraighigh ar an leathar. Theip an ruag ortha,
ámh. Bhí an liathróid i bhfearannaibh na mBleáth-
cliach ar feadh fhurmhór de'n chéad leath-chluiche
agus ní bhfuaireadar acht puinte amháin i
gcoinnibh a dó is a ceathair a bhí curtha síos ag
muinntir Chiarraighe. I gcaitheamh an tarna
leath-chluiche do chonncathas imirt ana-dhian.
Bhí locháin uisce scaipithe thall is i bhfus ar
fuaid na láithreach is ba mhór an cosc ar na
fearaibh iad. Bhíodh na fir ag rith ionnta agus
an t-uisce ag léimridh ortha agus á bhfliuchadh
is dá ndalladh. Seo mar bhí an scór i ndeir-
eadh na dála: Ciarraighe 2-5; Áth Cliath 0-4.
Mac Dhubháin ó Thiobrad Árann a bhí 'n-a cheann
ar an gcluiche.



Timcheall Bhaile Átha Cliath



Níor deineadh puinn timcheall Bhaile Átha
Cliath Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn. Ní
raibh an uain oireamhnach. Mara ngealfaidh
beagán is baoghlach go mbeifear chun deiridh i
mbliadhna arís. Seo roinnt táillí báire:
Ciceamaigh (sóisir) 0-9; Caoimhghínigh 0-4; Lusca
2-9; Eimitigh 1-5; Duibhrigh, buaidh i n-aiscidh ó
Ráith Ó Máine.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services