Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - An Eitinn
Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Eitinn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Eitinn. Is maith linn a thabhairt fá deara go bhfuil Cumann na mBan ar son Sláinte na hÉireann ag gabháil le n-a n-ais eolas a sgaipeadh i measg an phobail Ghaedhealaigh i dtaoibh na heitinne. Ní tógfar orainn an méid seo a bhaint as cearcalán atá dá chraoibh- sgaoileadh aca fá láthair. Badh mhaith an rud é dá léighfidhe ós árd é i ngach uile theaghlach agus i ngach uile theach pobail agus theach sgoile san nGaedhealtacht. EOLAS LE hAGHAIDH NA nDAOINE A BHFUIL AN EITINN (SEIRGLIGHE) ORTHA, AGUS LE hAGHAIDH NA nDAOINE ATÁ 'N-A gCOMHNAIDHE I nÉINDIGH LEO. Is féidir cosg a chur leis an eitinn (seirglighe), agus is féidir a leigheas go minic acht aire a thabhairt di i n-am. Ní dual athar ná máthar do aon duine an eitinn a bheith air cé gur minic a beirthear clann agus iad chomh lag ionnta féin is gur furasta dhóibh an aicíd a thógáil. Is iad na fáthanna is mó a dtigeann an eitinn ar dhaoinibh, .i. an t-ólachán; an iomarca daoine i n-aon teach amháin; droch-aer i seomraibh nach leigthear an t-aer úr isteach ionnta; agus tighthe atá salach tais dorcha. Frighdíní beaga bídeacha is eadh ádhbhar na heitinne agus téidheann siad isteach sa gcorp thríd an aer agus san mbiadh. Bíonn na mílte de na fríghdíníbh seo i smugairle (seile) an duine a bhfuil an eitinn air. Triomuigheann an smugairle má caithtear ar an urlár nó ar an mballa nó ar éadaighe duine é. Ar a bheith tirim dhó sgaipthear na fríghdíní thríd an aer. Téidheann cuid aca isteach i sgamhógaíbh na ndaoine thríd an anáil agus tuiteann cuid eile ar bhiadh agus sluig- thear iad. Má éirigheann leo dul isteach i gcorp an duine, tigeann an eitinn air. Is minic a bhíos an eitinn ar na ba (buaibh) agus is baoghal fríghdíní na haicíde a bheith i mbainne na mbó soin. RUDAÍ NACH CEART A DHÉANAMH. NÍ CEART do dhuine eitinneach ('sé sin le rádh duine a bhfuil an eitinn air) SMUGAIRLE A CHAITHEAMH ar chasán, ná ar urlár caráiste traeneach nó carbaid, &rl. NÍ CEART dó an SMUGAIRLE A SHLUIGEADH acht an oiread nó leigint do'n smugairle a BHEITH SMEARTHA ar éadaighe na leabtha ná ar a chuid éadaigh féin ná ar a fhéasóig, &rl. Cuireadh sé a lámh le n-a bhéal nuair a bhíos sé ag casacht. NÍ CEART do aon duine a bheith RÓ-GHAR DHÓ, go mór-mhór má bhíonn dreas casachta go minic air. NÍ CEART fuinneog ná similéir an tseomra a bheith DRUIDTHE (dúnta) má bhíonn duine eitinneach ann. NÍ CEART codladh ar aon leabaidh le duine eitinneach. Má bhíonn eitinn ar an máthair NÍ CEART DI CÍOCH A THABHAIRT dá clainn. NÍ CEART an IOMARCA DAOINE a bheith sa teach. COMHAIRLE. — NA RUDAÍ IS FEARR LE DÉANAMH LEIS AN EITINN A SHEACHAINT. Níl rud ar bith chomh cumhachtach i n-aghaidh na haicíde is tá SLÁINTE MHAITH. Tá AER ÚR agus SOLUS agus TAITHNEAMH NA GRÉINE an-riachtanach leis an eitinn a chosg agus a leigheas. Dá bhrígh sin leigthear GO LEOR AEIR isteach agus bíodh na seomraí SOLUSACH GLAN gan deannach ná salachar ionnta. Bíodh na FUINNEOGA AR FOSGAILT chomh minic 's is féidir é. Bíonn an t-aer úr agus solus na gréine ag sgrios fríghdíní na haicíde. Dá mhéid aer úr agus solus dá bhfághann duine eitinneach is amhlaidh is fearr a bhéas faill aige ar leigheas a fhágháil. Ní mhór GLAINEACHT freisin 'n-a thimcheall. Is ceart do dhuine eitinneach agus é amuigh a chuid smugairle a chaitheamh i naipicín póca, nó i gcupán a bhfuil beagán uisge ann ar a bheith sa teach dhó. DÓIGHTEAR a mbíonn sa gcupán agus cuirthear an naipicín póca i n-uisge atá AR FIUCHADH sul nightear é. Má caithtear an smugairle i gceirteachaibh nó i bpáipéar, ní mór a nDÓGHADH ar an bpointe boise. Is contabhairteach deannach a tharraint isteach leis an anáil. Ar an ádhbhar soin GLANTAR seomraí agus hallaí agus staidhrí le héadaighe taise. Sul sguabthar an t-urlár caithtear duilleoga tae air. Seomra ar bith i n-a raibh duine eitinneach ní ceart d'aon duine eile a bheith i n-a chomhnaidhe ann go nGLANTAR GO MAITH é agus go SGRIOSTAR NA FRÍGHDÍNÍ. Ní mór an nídh céadna a dhéanamh do'n bhrat urláir agus do na héadaighe leabtha, &rl. Iarrthar ar Lucht na Sláinte Puiblidhe na FRÍGHDÍNÍ A SGRIOS sna seomraíbh agus i ngach uile chinéal éadaigh dá raibh ionnta. Ní mór BAINNE le haghaidh na bpáistí a BHRUITH (bheirbhiughadh) sul a dtugtar dhóibh é. CAITHTEAR BIADH FOLLÁIN — Bainne, leite, arán mine coirce, arán donn, feoil, iasg, uibheacha, im, &rl. SEACHNUIGHTHEAR AN tÓLACHÁN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services