Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ag Bóthar Mhic Seóin Thug gaiscidhigh Conntae Lughbhaidh sa pheil cuaird ar Bhaile Átha Cliath Dia Domhnaigh, ag freagairt do chuaird Bhaile Átha Cliath ar Shráid-Bhaile Dhúna Dealgan. Bhí sinsir is sóisir ar an dá chuaird. Nuair a chuaidh muinntir Bhaile Átha Cliath síos do buadhadh ortha san dá chluithche. Do bhuaidh a sóisir ag Bóthar Mhic Seóin Dia Domhnaigh. Na "Sinsir" Bhí ceathrar i n-easnamh ar "shinsir" Bhaile Átha Cliath, .i. Mac Dhubhain, Ó Síothcháin, Ó Bréandáin agus Aodh Ó Broin. In' indeóin- san do throideadar go cródha an chéad bhobhta. D'éis iompódh dhóibh, ámhthach, d'éirigh an ghaoth 'n-a gcoinnibh agus dá fheabhas cosaint a dhéanfaidís ní fhóghnfadh, mar bhí an cíonádh i seilbh na Lughbhaidheach. Sidé an táille: Lughbhaidh, 0-14; Áth Cliath, 0-4. Na "Sóisir" Dáltha na sóisear bhí an imirt ana-dhlúth eatortha de chionn a oireamhnaighe dhá chéile a bhíodar. Thógfad sé croidhe éinne bheith ag féachaint ortha. Síos suas a ghabhadh an leathar i gcaitheamh an chluiche, agus i ndeire an chéad bhobhta bhí an scór cothrom - 3 puinte ar gach taobh. Ag dul i ndéine is i ndéine a bhí eatortha go dtí deireadh na himeartha gur fríoth na Bleáthcliaigh i n-uachtar, agus naoi bpuinnte aca i gcoinnibh a seacht ag na Lughbhaidhigh. Badh cheart do sna Coistibh Conntae féachaint i ndiaidh na sóisear agus iad a thabhairt amach nísa mhinicí. An Báire D'éis an dá chluithche thuas do fearadh iomáin chomórtuis idir gaiscidhigh Chonntae Lughbhaidh is Co. Chill Dara. Ní ró-fhada atá aon taobh aca ag gabháil don chamán, agus ar adhbhar-san ní raibh an ghluaiseacht ró-mhear ann. Tá easbha taithighe ar mhuinntir Lughbhaidh, agus dá luighidís i ndáríribh chuige, ó tá ádhbhar foirne gan cháim aca, do cloisfidhe uatha. Tá muinn- tir Chill Dara ag dul i bhfeabhas n-a sheódh. Sidé an táille: Cill Dara, 4-11; Lughbhaidh, 0-3. Ag An nDíon Bhíos ag féachaint ar chuid den imirt (nó den "ath-imirt") a thárla idir foirnibh báire na hÁrd-Chraoibhe is na hAille, ag an nDíon, Dia Domhnaigh. Go deimhin ní mhaith do thaitn liom cuid da bhfeaca is dá gcuala ann. Bhí "focail ar faobhar" agus droch-fhocail ar séide ar fuaid na láithreach go ró-mhinic. Níor cheart don mhaor gearán d'éisteacht ó éinne acht ón dá cheann feadhna. Deineadh duine eile gearán le n-a cheann feadna féin. Ní fiú maireachtain má's gábadh bheith ag síor-bhruidhin. Achrainn idir Ghaedhlaibh a chaill Éire ar dtúis. A mhalairt sin díreach a shaothróghaidh arís í. Dar ndóigh Éireannaigh is eadh sinn go léir. Cuirimís ár mogal is ár gcochal ar bhfraoch is ár bhfocail i dtáisce dhon eachtrann. Táillí Báire An Aill, 0-11; Árd-Chraobh, 0-11; Dáibhi- sigh, 4-13; Fianna, 1-1; Rábairí 1-11, Cuchulainn 1-7; Geata Sain Séamuis 4-11; Céitinnigh 1-7; Cicham 3-12, Uí Thuathail 0-2.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services