Ar Faithche na hImeartha
Ag Bóthar Mhic Seóin
Thug gaiscidhigh Conntae Lughbhaidh sa pheil
cuaird ar Bhaile Átha Cliath Dia Domhnaigh, ag
freagairt do chuaird Bhaile Átha Cliath ar
Shráid-Bhaile Dhúna Dealgan. Bhí sinsir is
sóisir ar an dá chuaird. Nuair a chuaidh
muinntir Bhaile Átha Cliath síos do buadhadh
ortha san dá chluithche. Do bhuaidh a sóisir ag
Bóthar Mhic Seóin Dia Domhnaigh.
Na "Sinsir"
Bhí ceathrar i n-easnamh ar "shinsir" Bhaile
Átha Cliath, .i. Mac Dhubhain, Ó Síothcháin, Ó
Bréandáin agus Aodh Ó Broin. In' indeóin-
san do throideadar go cródha an chéad bhobhta.
D'éis iompódh dhóibh, ámhthach, d'éirigh an ghaoth
'n-a gcoinnibh agus dá fheabhas cosaint a
dhéanfaidís ní fhóghnfadh, mar bhí an cíonádh i
seilbh na Lughbhaidheach. Sidé an táille:
Lughbhaidh, 0-14; Áth Cliath, 0-4.
Na "Sóisir"
Dáltha na sóisear bhí an imirt ana-dhlúth
eatortha de chionn a oireamhnaighe dhá chéile a
bhíodar. Thógfad sé croidhe éinne bheith ag
féachaint ortha. Síos suas a ghabhadh an leathar
i gcaitheamh an chluiche, agus i ndeire an chéad
bhobhta bhí an scór cothrom - 3 puinte ar gach
taobh. Ag dul i ndéine is i ndéine a bhí
eatortha go dtí deireadh na himeartha gur
fríoth na Bleáthcliaigh i n-uachtar, agus naoi
bpuinnte aca i gcoinnibh a seacht ag na
Lughbhaidhigh. Badh cheart do sna Coistibh
Conntae féachaint i ndiaidh na sóisear agus
iad a thabhairt amach nísa mhinicí.
An Báire
D'éis an dá chluithche thuas do fearadh iomáin
chomórtuis idir gaiscidhigh Chonntae Lughbhaidh is
Co. Chill Dara. Ní ró-fhada atá aon taobh aca
ag gabháil don chamán, agus ar adhbhar-san ní
raibh an ghluaiseacht ró-mhear ann. Tá easbha
taithighe ar mhuinntir Lughbhaidh, agus dá
luighidís i ndáríribh chuige, ó tá ádhbhar foirne
gan cháim aca, do cloisfidhe uatha. Tá muinn-
tir Chill Dara ag dul i bhfeabhas n-a sheódh.
Sidé an táille: Cill Dara, 4-11; Lughbhaidh,
0-3.
Ag An nDíon
Bhíos ag féachaint ar chuid den imirt (nó den
"ath-imirt") a thárla idir foirnibh báire na
hÁrd-Chraoibhe is na hAille, ag an nDíon, Dia
Domhnaigh. Go deimhin ní mhaith do thaitn liom
cuid da bhfeaca is dá gcuala ann. Bhí "focail
ar faobhar" agus droch-fhocail ar séide ar
fuaid na láithreach go ró-mhinic. Níor cheart
don mhaor gearán d'éisteacht ó éinne acht ón
dá cheann feadhna. Deineadh duine eile
gearán le n-a cheann feadna féin. Ní fiú
maireachtain má's gábadh bheith ag síor-bhruidhin.
Achrainn idir Ghaedhlaibh a chaill Éire ar dtúis.
A mhalairt sin díreach a shaothróghaidh arís í.
Dar ndóigh Éireannaigh is eadh sinn go léir.
Cuirimís ár mogal is ár gcochal ar bhfraoch is
ár bhfocail i dtáisce dhon eachtrann.
Táillí Báire
An Aill, 0-11; Árd-Chraobh, 0-11; Dáibhi-
sigh, 4-13; Fianna, 1-1; Rábairí 1-11,
Cuchulainn 1-7; Geata Sain Séamuis 4-11;
Céitinnigh 1-7; Cicham 3-12, Uí Thuathail
0-2.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11