Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - An tAnnual
Title
Ar Faithche na hImeartha - An tAnnual
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha An tAnnual Leabhar an-áiseamhail is eadh The Gaelic Athletic Annual so a chuir muinntir Chumainn na gCleas Lúith amach le déidheannaighe. Is fad ó badh cheart a leithéid a bheith ann, mar bhí dian-ghabhadh leis. Leabhar annála ná croinic níor fríoth ag ár gcleasaibh lúith go dtí anois. Ba baoghlach go n-imtheochadh dearmhad ar a lán de sna héachtaibh do deineadh fé bhrataigh an Chumainn. Níl baoghal báis ná dearmhaid ortha anois, ámh. Fearaim- se fáilte roimh an Annual so. Na pictiúirí Ní healadha dhúinn cur síos ar na hearraidhibh fóghanta atá sa leabhar so. Is féidir é fhágháil ar réal, agus tá luach réalaighe d' eolas is de chaitheamh aimsire 'n-a chobhail go maith. Badh mhaith liom féin mo bhuidheachas a ghabháil leis an té a thug dúinn pictiúirí Sheáin Uí Laoghaire agus Mhíchíl Ciosóg - beannacht Dé le na n-anmain! Somplaí maithe do Ghaedhealaibh óga is eadh iad. B'fhéidir go bhfuighfear i gcionn tamaill ar chártaibh puist iad. Craobhacha gaisce Cúinne ana-luachmhar sa leabhar so is eadh an áit n-a bhfaghthar cunntaisí ar na fóirnibh a bhuaidh craobh na gConntaethe ó cuireadh ar bun iad. Sidé an chéad uair ag an áireamh so á chur os ár gcomhair, agus is beag duine ná taithneochaidh an táille leis. Imthigh chomh fada siar agus is cuimhin leat, geobhair léirighthe annso na hainmneacha agus na fóirne go raibh mór-chlú ortha i ndomhan na "Gaedhealtachta". Na haistí béarla Ní thrachtfad ar na haistibh Béarla san leabhar. Aistí maithe is eadh iad. Tá súil agam go léighfear is go mion-scrúdóchar iad. Aontuighim-se ó chroidhe leis an méid adeir an Réamonnach i dtaobh breith ar an liathróid - ní hamháin sa pheil acht san mbáire leis. Útamáil chríochnuighthe is eadh bheith ag breith ar an liathróid agus 'sé is trúig le n-a lán de'n ghoirtiughadh a deintear ar pháirc na himeartha. Caithimís uainn é mar dhroch-nós, i n-ainm Dé. Téarmaí Philib Uí Néill Is é rud is fearr a thaitneann liom san leabhar 'ná an t-áireamh téarmaí ó Philib Ó Néill i gCionn tSáile a bhuaidh an chéad duais san iomaidheacht úd ar Oireachtas, 1906. Chímíd breacaithe annso seódh Éireann de rudaibh a bhí i n-easnamh orainn féin. Bainfear feidhm asta feasta; is fiú fiacha an leabhair an t-áireamh téarmaí seo amháin. Sciath na mBóthar Iarainn Do baineadh ceol a bois is a cois i láthair Bhóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh i n-iomaidh- eacht cinn gaisce ar son seilbh Sciath na mBóthar Iarainn. Togha Chúige Laighean a bhí ag imirt i gcoinnibh Chúige Mumhan - nó i gcoinnibh Thiobrad Árann, badh chóra a rádh. Bhí an imirt 'n-a seódh le déine ar feadh na haimsire go léir. Cúige Laighean a bhuaidh. Molaimíd iad. Sidé an táille: Laighin, 0-14; An Mhumhain, 1-8.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services