Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - An tAnnual

Teideal
Ar Faithche na hImeartha - An tAnnual
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1907
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



An tAnnual



Leabhar an-áiseamhail is eadh The Gaelic
Athletic Annual so a chuir muinntir Chumainn
na gCleas Lúith amach le déidheannaighe.
Is fad ó badh cheart a leithéid a bheith
ann, mar bhí dian-ghabhadh leis. Leabhar annála
ná croinic níor fríoth ag ár gcleasaibh lúith go
dtí anois. Ba baoghlach go n-imtheochadh
dearmhad ar a lán de sna héachtaibh do
deineadh fé bhrataigh an Chumainn. Níl baoghal
báis ná dearmhaid ortha anois, ámh. Fearaim-
se fáilte roimh an Annual so.



Na pictiúirí



Ní healadha dhúinn cur síos ar na hearraidhibh
fóghanta atá sa leabhar so. Is féidir é
fhágháil ar réal, agus tá luach réalaighe d'
eolas is de chaitheamh aimsire 'n-a chobhail go
maith. Badh mhaith liom féin mo bhuidheachas
a ghabháil leis an té a thug dúinn pictiúirí
Sheáin Uí Laoghaire agus Mhíchíl Ciosóg -
beannacht Dé le na n-anmain! Somplaí
maithe do Ghaedhealaibh óga is eadh iad.
B'fhéidir go bhfuighfear i gcionn tamaill ar
chártaibh puist iad.



Craobhacha gaisce



Cúinne ana-luachmhar sa leabhar so is eadh
an áit n-a bhfaghthar cunntaisí ar na fóirnibh
a bhuaidh craobh na gConntaethe ó cuireadh ar
bun iad. Sidé an chéad uair ag an áireamh
so á chur os ár gcomhair, agus is beag duine
ná taithneochaidh an táille leis. Imthigh chomh
fada siar agus is cuimhin leat, geobhair
léirighthe annso na hainmneacha agus na
fóirne go raibh mór-chlú ortha i ndomhan na
"Gaedhealtachta".



Na haistí béarla



Ní thrachtfad ar na haistibh Béarla san
leabhar. Aistí maithe is eadh iad. Tá súil
agam go léighfear is go mion-scrúdóchar iad.
Aontuighim-se ó chroidhe leis an méid adeir
an Réamonnach i dtaobh breith ar an liathróid
- ní hamháin sa pheil acht san mbáire leis.
Útamáil chríochnuighthe is eadh bheith ag breith
ar an liathróid agus 'sé is trúig le n-a lán
de'n ghoirtiughadh a deintear ar pháirc na
himeartha. Caithimís uainn é mar dhroch-nós,
i n-ainm Dé.



Téarmaí Philib Uí Néill



Is é rud is fearr a thaitneann liom san
leabhar 'ná an t-áireamh téarmaí ó Philib
Ó Néill i gCionn tSáile a bhuaidh an chéad
duais san iomaidheacht úd ar Oireachtas,
1906. Chímíd breacaithe annso seódh Éireann
de rudaibh a bhí i n-easnamh orainn féin.
Bainfear feidhm asta feasta; is fiú fiacha
an leabhair an t-áireamh téarmaí seo amháin.



Sciath na mBóthar Iarainn



Do baineadh ceol a bois is a cois i láthair
Bhóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh i n-iomaidh-
eacht cinn gaisce ar son seilbh Sciath na
mBóthar Iarainn. Togha Chúige Laighean a bhí
ag imirt i gcoinnibh Chúige Mumhan - nó i
gcoinnibh Thiobrad Árann, badh chóra a rádh.
Bhí an imirt 'n-a seódh le déine ar feadh na
haimsire go léir. Cúige Laighean a bhuaidh.
Molaimíd iad. Sidé an táille: Laighin,
0-14; An Mhumhain, 1-8.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services