Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - An Árd-Chraobh
Title
Ar Faithche na hImeartha - An Árd-Chraobh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha An Árd-Chraobh Is maith liom a fheicsint gur bhuaidh leoghain na hÁrd-Chraoibhe an Árd-Chraobh i gCumann Báire an tSathairn. Tuilleadh craobh dhíb, a bhráithre, agus rath agus séan i ngach láthair; go bhfeiceam an Ghaedhilg i n-áirde agus boicíní an Bhéarla tláith lag! Bóthar Mhic Seoin Ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh, do cuireadh i gcrích dhá cheann de sna cluichíbh i gcomhair Chraobh Chúige Laighean. Tháinig togha laochraidhe Chill Manntáin agus Lughbhaidh i gcoinnibh a chéile sa pheil; agus togha Chill Dara agus na hIar-Mhidhe san mbáire. Bhí an bualadh fagharthach go leor san dá imirt, acht níor tháinig sluagh ró-mhór ag féachaint ortha. An Pheil Bhí sé de mhí-ádh ar mhuinntir Chill Manntáin nár tháinig cuid dá mbuidhin do láthair, agus ar an adhbhar soin ní dhearnadar an seasamh ba dhual dóibh. Ag tarraint ar dheireadh na himeartha do goirtigheadh a bhfear cúil, Mac Uí Chinnéide, agus b'éigin dóibh an chuid eile de'n aimsir a thabhairt in' éagmais. Acht fé mar bhí aca do dheineadar ruaig nó dhó a chuir iongnadh ar gach éinne. Seo mar bhí an scór i ndeireadh na tréimhse: - Lughbhadh, 1-14; Cill Manntáin, 0-5. An Báire Dhá chonntae ná cleachtaoi aon bháire ionnta go dtí le déidheannaighe is eadh Cill Dara agus an Iar-Mhidhe, acht dheineadar araon ana-bheart Dia Domhnaigh. Má leanaid ortha i dtaithighe an chamáin chífear atharrughadh buill ag craoibh na hÉireann sara fada. Imirt ana-dhian is an-dhlúth do b'eadh é seo mar bhí an dá bhuidhin an-oireamhnach dá chéile. Ní baoghal ná go gcloisfear uatha araon arís. Seo mar a bhí an scór: - Cill Dara, 3-8; An Iar-Mhidhe, 3-5. Sciath an Bhóthair Iarainn Do socruigheadh Sciath an Bhóthair Iarainn i gcomórtas peile idir thogha Chúige Laighean is togha Chúige Mumhan ag Tiobraid Árainn Dia Domhnaigh. Árd-imirt ar fad do b'eadh é agus ní raibh puinn breis sa scór ag aon taobh ó thosach ann. Tamall roimh dheireadh na himeartha chuireadar muinntir na Mumhan cúil ar an bhfuirinn eile. Ba mhór an áise aca é sin. Sidé an scór: - An Mhumhain, 1-7; Laighin, 1-6. Craobh Chorcaighe Dia Domhnaigh i gCorcaigh do thárla dhá chomórtas báire idir dhá bhuidhin d'fhuirinn Réamuinn is dá bhuidhin d'fhuirinn Fionnbharra. Bhuaidh na Réamonnaigh an dá chluiche. Táillí báire Dáibhis, 4-11; Fontenoí, 0-8. G.S. & W.R. 3-10, Geata Shain Séamuis, 2-1. Uí Tuathail, 2-9; Clann na hÉireann, 0-4. Fianna, 1-5; Grósaerí, 1-5. Cúchulainn, 3-7; Céitinnigh, 2-6. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services