Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - An Árd-Chraobh

Title
Ar Faithche na hImeartha - An Árd-Chraobh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



An Árd-Chraobh



Is maith liom a fheicsint gur bhuaidh leoghain
na hÁrd-Chraoibhe an Árd-Chraobh i gCumann
Báire an tSathairn. Tuilleadh craobh dhíb, a
bhráithre, agus rath agus séan i ngach láthair;
go bhfeiceam an Ghaedhilg i n-áirde agus
boicíní an Bhéarla tláith lag!



Bóthar Mhic Seoin



Ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh, do
cuireadh i gcrích dhá cheann de sna cluichíbh i
gcomhair Chraobh Chúige Laighean. Tháinig togha
laochraidhe Chill Manntáin agus Lughbhaidh i
gcoinnibh a chéile sa pheil; agus togha Chill
Dara agus na hIar-Mhidhe san mbáire. Bhí an
bualadh fagharthach go leor san dá imirt, acht
níor tháinig sluagh ró-mhór ag féachaint ortha.



An Pheil



Bhí sé de mhí-ádh ar mhuinntir Chill Manntáin
nár tháinig cuid dá mbuidhin do láthair, agus
ar an adhbhar soin ní dhearnadar an seasamh ba
dhual dóibh. Ag tarraint ar dheireadh na
himeartha do goirtigheadh a bhfear cúil, Mac
Uí Chinnéide, agus b'éigin dóibh an chuid eile
de'n aimsir a thabhairt in' éagmais. Acht fé
mar bhí aca do dheineadar ruaig nó dhó a chuir
iongnadh ar gach éinne. Seo mar bhí an scór
i ndeireadh na tréimhse: - Lughbhadh, 1-14; Cill
Manntáin, 0-5.



An Báire



Dhá chonntae ná cleachtaoi aon bháire
ionnta go dtí le déidheannaighe is eadh Cill
Dara agus an Iar-Mhidhe, acht dheineadar araon
ana-bheart Dia Domhnaigh. Má leanaid ortha
i dtaithighe an chamáin chífear atharrughadh buill
ag craoibh na hÉireann sara fada. Imirt
ana-dhian is an-dhlúth do b'eadh é seo mar bhí
an dá bhuidhin an-oireamhnach dá chéile. Ní
baoghal ná go gcloisfear uatha araon arís.
Seo mar a bhí an scór: - Cill Dara, 3-8;
An Iar-Mhidhe, 3-5.



Sciath an Bhóthair Iarainn



Do socruigheadh Sciath an Bhóthair Iarainn i
gcomórtas peile idir thogha Chúige Laighean is
togha Chúige Mumhan ag Tiobraid Árainn Dia
Domhnaigh. Árd-imirt ar fad do b'eadh é
agus ní raibh puinn breis sa scór ag aon
taobh ó thosach ann. Tamall roimh dheireadh na
himeartha chuireadar muinntir na Mumhan
cúil ar an bhfuirinn eile. Ba mhór an áise
aca é sin. Sidé an scór: - An Mhumhain, 1-7;
Laighin, 1-6.



Craobh Chorcaighe



Dia Domhnaigh i gCorcaigh do thárla dhá
chomórtas báire idir dhá bhuidhin d'fhuirinn
Réamuinn is dá bhuidhin d'fhuirinn Fionnbharra.
Bhuaidh na Réamonnaigh an dá chluiche.



Táillí báire



Dáibhis, 4-11; Fontenoí, 0-8. G.S. & W.R.
3-10, Geata Shain Séamuis, 2-1. Uí Tuathail,
2-9; Clann na hÉireann, 0-4. Fianna, 1-5;
Grósaerí, 1-5. Cúchulainn, 3-7; Céitinnigh, 2-6.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services