Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh
Title
Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Corn an Chrócaigh Do bhuaidh tréin-fhir Bhaile Átha Cliath ar mhuinntir Chill Dara ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn. Is iad so na cluichí comórtais i gcomhair Chorn an Chrócaigh. Cluiche peile a b'eadh é. Tá barr Chúige Laighean ag muinntir Bhaile Átha Cliath anois, i n-a chomhair, agus tá súil againn go rithfidh leo go deireadh na scríbe. An imirt Maidir leis an imirt féin, ní go ró- fhóganta a bhí sí agus a teacht idir an dá bhuidhin is mó cáil i ndomhan na peile seo na hÉireann. Níor tháinig do láthair, ámh, cuid de sna fearaibh a b'fhearr ar bhuidhin Chill Dara. D'fhág soin an fhuirinn ó Bhaile Átha Cliath gan bhreis mhór le déanamh aca furmhór na haimsire, agus dream Chill Dara gan puinn toradh ar a saothar dá mhéid duadh a fuair- eadar a d'iarraidh an chluiche a chothughadh. Do chuireadar an Cathasach is an Grásach agus Mac Uí Raithbheartaigh an-chluiche dhíobh, acht go deimhin do b'fhuirist do'n imirt a bheith ní b'fhearr 'ná mar a bhí. Sidé an t-áireamh: Áth Cliath, 2-8; Cill Dara, 0-3. Beagán Comhairle Ní maith liom bheith ag fágháil locht ná ag tromaidheacht ar dhaoinibh, acht, is mór an truagh ná déintear breis aire a thabhairt i ndálaibh na gcluichí móra so. Is baoghlach liom nach chun cinn atá an pheil seo na hÉireann ag gluaiseacht le déidheannaighe, agus 'n-a lán slighte, ní deirim ná gur deighilt ó chéile dhúinn é i n-ionad chur le chéile agus ár neart a bhailiughadh chun gnímh fhóghanta a dhéanamh. Ná bíodh aon phioc dá mhearathal orainn ná go bhfuil an namhaid ag féachaint orainn is 'ghár dtabhairt fé ndeara. Cad é mar gháirfidh sé nuair a chífidh droch-thréithe na nGaedheal ag briseadh amach orainn arís! Ochón, a chroidhe, is greannmhair an saoghal é! Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services