Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh

Title
Ar Faithche na hImeartha - Corn an Chrócaigh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Corn an Chrócaigh



Do bhuaidh tréin-fhir Bhaile Átha Cliath ar
mhuinntir Chill Dara ag Bóthar Mhic Seoin Dia
Domhnaigh seo ghaibh tharainn. Is iad so na
cluichí comórtais i gcomhair Chorn an Chrócaigh.
Cluiche peile a b'eadh é. Tá barr Chúige
Laighean ag muinntir Bhaile Átha Cliath anois,
i n-a chomhair, agus tá súil againn go rithfidh
leo go deireadh na scríbe.



An imirt



Maidir leis an imirt féin, ní go ró-
fhóganta a bhí sí agus a teacht idir an dá
bhuidhin is mó cáil i ndomhan na peile seo na
hÉireann. Níor tháinig do láthair, ámh, cuid
de sna fearaibh a b'fhearr ar bhuidhin Chill Dara.
D'fhág soin an fhuirinn ó Bhaile Átha Cliath
gan bhreis mhór le déanamh aca furmhór na
haimsire, agus dream Chill Dara gan puinn
toradh ar a saothar dá mhéid duadh a fuair-
eadar a d'iarraidh an chluiche a chothughadh.
Do chuireadar an Cathasach is an Grásach agus
Mac Uí Raithbheartaigh an-chluiche dhíobh, acht
go deimhin do b'fhuirist do'n imirt a bheith ní
b'fhearr 'ná mar a bhí. Sidé an t-áireamh:
Áth Cliath, 2-8; Cill Dara, 0-3.



Beagán Comhairle



Ní maith liom bheith ag fágháil locht ná ag
tromaidheacht ar dhaoinibh, acht, is mór an
truagh ná déintear breis aire a thabhairt i
ndálaibh na gcluichí móra so. Is baoghlach
liom nach chun cinn atá an pheil seo na
hÉireann ag gluaiseacht le déidheannaighe,
agus 'n-a lán slighte, ní deirim ná gur deighilt
ó chéile dhúinn é i n-ionad chur le chéile agus
ár neart a bhailiughadh chun gnímh fhóghanta a
dhéanamh. Ná bíodh aon phioc dá mhearathal
orainn ná go bhfuil an namhaid ag féachaint
orainn is 'ghár dtabhairt fé ndeara. Cad é
mar gháirfidh sé nuair a chífidh droch-thréithe na
nGaedheal ag briseadh amach orainn arís!
Ochón, a chroidhe, is greannmhair an saoghal é!



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services