Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Cumann Peile Bhaile Átha Cliath
Title
Ar Faithche na hImeartha - Cumann Peile Bhaile Átha Cliath
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Cumann Peile Bhaile Átha Cliath Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn a bhí a gcruinniughadh cinn bliadhna ag Cumann Peile Bhaile Átha Cliath. Art Ó Murchadha a bhí 'n-a cheann ortha, is chím go raibh a lán eile de'n treibh sin Mhurchadha i láthair. Bhí Tadhg so againn-ne ann pé 'nÉirinn é. Cunntas an Rúnaidhe Ó'n gcunntas a léigh an Rúnaidhe ós a gcomhair is féidir tuairim a thabhairt ar an obair a deineadh i gcaitheamh na bliadhna. Buidhean is dá fhichead a bhí ceangailte dá chéile sa Chumann anuraidh. Bhí ar na buidheantaibh peile sin aon fhuireann déag is trí fichid. D'imreaghadar-san eatortha féin dhá chéad is fiche cluiche comórtais, .i. mar adéarfá ocht gcluiche i n-aghaidh an Domhnaigh, mar bhíodh coisgithe ar an obair uaireanta. Taispeánann soin go bhfuil dúil sa pheil ag fás i mBaile Átha Cliath dá fheabhas atá an báire ag teacht chun cinn ann, agus nach baoghal d'aon taobh aca aon chur isteach iar ó'n dtaobh eile. Tá fairsinge slighe dhóibh araon ann. Ullmhughchán Do cuireadh rudaí i dtreo i gcomhair na bliadhna so chughainn, agus ní dearnadh dearmhad de thoghadh na n-oifigeach - an dream céadna arís. Rúnaidhe thar na beartaibh is eadh Lorcán Ó Tuathail, agus beam ag súil le héachtaibh uaidh i gcaitheamh an tsaesúir nua. Badh cheart do gach buidhin fé leith iarracht láidir a thabhairt ar dhaltaibh nua do tharraingt chuige i rith na bliadhna. Tá flúirse adhmaid ann chuige sin, agus tá's ag an saoghal gurab é dálta an duine ag an mbuidhin é, - go mbítear ag síor-bhaint de agus nach fuláir bheith ag síor-chur leis san am gcéadna. Má bhíd na buill láidir beidh an Cumann láidir dá réir. Níor bh'aon dioghbháil tabhairt fé stad a chur leis an gcaitheamh so i ndiaidh an chluiche Ghallda, atá fóiríor ró-coitchianta i mBaile Átha Cliath. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services