Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Cumann Peile Bhaile Átha Cliath

Title
Ar Faithche na hImeartha - Cumann Peile Bhaile Átha Cliath
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Cumann Peile Bhaile Átha Cliath



Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn a bhí a
gcruinniughadh cinn bliadhna ag Cumann Peile
Bhaile Átha Cliath. Art Ó Murchadha a bhí 'n-a
cheann ortha, is chím go raibh a lán eile de'n
treibh sin Mhurchadha i láthair. Bhí Tadhg so
againn-ne ann pé 'nÉirinn é.



Cunntas an Rúnaidhe



Ó'n gcunntas a léigh an Rúnaidhe ós a
gcomhair is féidir tuairim a thabhairt ar an
obair a deineadh i gcaitheamh na bliadhna.
Buidhean is dá fhichead a bhí ceangailte dá
chéile sa Chumann anuraidh. Bhí ar na
buidheantaibh peile sin aon fhuireann déag is
trí fichid. D'imreaghadar-san eatortha féin
dhá chéad is fiche cluiche comórtais, .i. mar
adéarfá ocht gcluiche i n-aghaidh an Domhnaigh,
mar bhíodh coisgithe ar an obair uaireanta.
Taispeánann soin go bhfuil dúil sa pheil ag fás
i mBaile Átha Cliath dá fheabhas atá an báire ag
teacht chun cinn ann, agus nach baoghal d'aon
taobh aca aon chur isteach iar ó'n dtaobh eile.
Tá fairsinge slighe dhóibh araon ann.



Ullmhughchán



Do cuireadh rudaí i dtreo i gcomhair na
bliadhna so chughainn, agus ní dearnadh
dearmhad de thoghadh na n-oifigeach - an
dream céadna arís. Rúnaidhe thar na
beartaibh is eadh Lorcán Ó Tuathail, agus
beam ag súil le héachtaibh uaidh i gcaitheamh
an tsaesúir nua. Badh cheart do gach
buidhin fé leith iarracht láidir a thabhairt
ar dhaltaibh nua do tharraingt chuige i
rith na bliadhna. Tá flúirse adhmaid ann
chuige sin, agus tá's ag an saoghal gurab
é dálta an duine ag an mbuidhin é, - go
mbítear ag síor-bhaint de agus nach fuláir
bheith ag síor-chur leis san am gcéadna. Má
bhíd na buill láidir beidh an Cumann láidir
dá réir. Níor bh'aon dioghbháil tabhairt fé
stad a chur leis an gcaitheamh so i ndiaidh an
chluiche Ghallda, atá fóiríor ró-coitchianta i
mBaile Átha Cliath.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services