Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Peil ag an tSráid-Bhaile
Title
Ar Faithche na hImeartha - Peil ag an tSráid-Bhaile
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Peil ag an tSráid-Bhaile Bhí lá mór aca i Sráid-Bhaile Dhún Dealgan Dia Domhnaigh seo d'imthigh tharainn. Dhá fhuir- inn ó Bhaile Átha Cliath a bhí ag bualadh peile ann i gcoinne fuireann ó'n gconntae is lugha i nÉirinn, acht do bhuadhadh caoch ar mhuinntir na príomh-chathrach i ngach dáil díobh. An sóisear a chuaidh amach i dtosach barr, agus do rug líon Lughbhaidhe chúig chúilíní sa bhreis ar thoghadh Átha Cliath. Ba mhó 'ná soin féin an t-earradh-is-barr do rugadh ar shinn- sir na príomh-chathrach mar atá, 1-8 i n-aghaidh 0-2. Leath-sgéal Acht badh cheart a luadhadh go raibh beirt nó triúr mhaithe i n-easnamh ar gach fuirinn de fuirnibh na cathrach agus, i n-a theannta soin, go raibh an lá go hana-fhliuch, rud nár ghoill chomh mór ar fhathaighibh na tuaithe is mar do ghoill ar dhream na cathrach. Ní hi gcomhair chraobh na hÉireann aon chomórtas díobh so araon, acht ar choinghiollachaibh an Chumann Peile. Beidh na fóirne céadna ag imirt i n-aghaidh a chéile arís san mhí so chughainn ag Bóthar Mhic Seoin, agus níor mhór do dhal- taibh na cathrach brostughadh ar eagla go mbuadhfaidhe ortha san dara hiarracht. Ag An Díon Tá feabhas mór ag teacht ar chuid de sna buidhnibh óga, a bhaineann leis an gCumann Báire i mBaile Átha Cliath. Bhíos ag féachaint ar mhuinntir na hÁrd-Chraoibhe is ar leoghain na hAille Dia Domhnaigh ag An Díon, agus do b'iongnadh liom a aicillidheacht is do bhíodar araon. An taithighe Teaspeánann so ná fuiltear ag dearmhad taithighe go leor a dhéanamh. Ní bheidh aon rath orainn i mBaile Átha Cliath go dtí go gcuir- fear 'fhiachaibh ar ár ndaltaibh uile ar síor- thaithighe a dhéanamh. "Is í an taithighe a dhein- eann máighistreacht," agus is mó is soiléir fírinne an tsean-fhocail seo i dtaobh an báire 'ná, b'fhéidir i dtaobh aon chluiche eile. Easnamh an bhóta Tá easnamh ar an áitreabh so An Dín, agus níor mhiste é leigheas dá mb'fhéidir i n-aon- chor é. 'Sé easnamh é 'ná gan ionad a bheith ag daoinibh ann chun baint diobh is chun cur umpa. Is greannmhair an radharc é gasraí d'fhearaibh a fheicsint i bhfus is thall le hais na gclathach is iad á gcóiriughadh féin. Rud eile, mara mbeadh so raghadh i bhfad níos mó daoine ag féachaint ar an imirt. Cathoin a bheidh ciall againn? Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services