Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Peil ag an tSráid-Bhaile

Title
Ar Faithche na hImeartha - Peil ag an tSráid-Bhaile
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Peil ag an tSráid-Bhaile



Bhí lá mór aca i Sráid-Bhaile Dhún Dealgan
Dia Domhnaigh seo d'imthigh tharainn. Dhá fhuir-
inn ó Bhaile Átha Cliath a bhí ag bualadh peile
ann i gcoinne fuireann ó'n gconntae is
lugha i nÉirinn, acht do bhuadhadh caoch ar
mhuinntir na príomh-chathrach i ngach dáil díobh.
An sóisear a chuaidh amach i dtosach barr,
agus do rug líon Lughbhaidhe chúig chúilíní sa
bhreis ar thoghadh Átha Cliath. Ba mhó 'ná soin
féin an t-earradh-is-barr do rugadh ar shinn-
sir na príomh-chathrach mar atá, 1-8 i n-aghaidh
0-2.



Leath-sgéal



Acht badh cheart a luadhadh go raibh beirt nó
triúr mhaithe i n-easnamh ar gach fuirinn de
fuirnibh na cathrach agus, i n-a theannta soin,
go raibh an lá go hana-fhliuch, rud nár ghoill
chomh mór ar fhathaighibh na tuaithe is mar do
ghoill ar dhream na cathrach. Ní hi gcomhair
chraobh na hÉireann aon chomórtas díobh so
araon, acht ar choinghiollachaibh an Chumann
Peile. Beidh na fóirne céadna ag imirt i
n-aghaidh a chéile arís san mhí so chughainn ag
Bóthar Mhic Seoin, agus níor mhór do dhal-
taibh na cathrach brostughadh ar eagla go
mbuadhfaidhe ortha san dara hiarracht.



Ag An Díon



Tá feabhas mór ag teacht ar chuid de sna
buidhnibh óga, a bhaineann leis an gCumann
Báire i mBaile Átha Cliath. Bhíos ag féachaint
ar mhuinntir na hÁrd-Chraoibhe is ar leoghain
na hAille Dia Domhnaigh ag An Díon, agus
do b'iongnadh liom a aicillidheacht is do
bhíodar araon.



An taithighe



Teaspeánann so ná fuiltear ag dearmhad
taithighe go leor a dhéanamh. Ní bheidh aon rath
orainn i mBaile Átha Cliath go dtí go gcuir-
fear 'fhiachaibh ar ár ndaltaibh uile ar síor-
thaithighe a dhéanamh. "Is í an taithighe a dhein-
eann máighistreacht," agus is mó is soiléir
fírinne an tsean-fhocail seo i dtaobh an báire
'ná, b'fhéidir i dtaobh aon chluiche eile.



Easnamh an bhóta



Tá easnamh ar an áitreabh so An Dín, agus
níor mhiste é leigheas dá mb'fhéidir i n-aon-
chor é. 'Sé easnamh é 'ná gan ionad a bheith
ag daoinibh ann chun baint diobh is chun cur
umpa. Is greannmhair an radharc é gasraí
d'fhearaibh a fheicsint i bhfus is thall le hais na
gclathach is iad á gcóiriughadh féin. Rud eile,
mara mbeadh so raghadh i bhfad níos mó
daoine ag féachaint ar an imirt. Cathoin a
bheidh ciall againn?



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services